Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all,
Vanilla are planning an update to the site on April 24th (next Wednesday). It is a major PHP8 update which is expected to boost performance across the site. The site will be down from 7pm and it is expected to take about an hour to complete. We appreciate your patience during the update.
Thanks all.

dia guit

2

Comments

  • Registered Users Posts: 48 Fiachra17


    An bhfuil aon duais tuillte ag Fiachra17?? :p

    Ceann simplí -

    Cad a bhíonn ag dul timpeall an tí,
    agus taobh istigh den teach,
    ach ní dhéanann sé teagmháil leis an teach?

    tá súil agam! :D

    ...b'fhéidir go bhfuil sé... níl a fhios agam, tá brón orm :(


  • Registered Users Posts: 363 ✭✭Icarus Wings


    Ceann simplí
    Fiachra17 wrote: »
    ...b'fhéidir go bhfuil sé... níl a fhios agam, tá brón orm :(

    Ná bí buartha faoi, a Fhiachra! Ceann simplí...nuair a bhíonn an freagra agat! :p:D

    B'fhéidir go mbainfidh tú féin nó daoine eile triail as. Tabharfaidh mé an freagra i gceann tamaill, ar aon nós.


  • Registered Users Posts: 83 ✭✭Sure it will be grand


    An bhfuil aon duais tuillte ag Fiachra17?? :p

    Ceann simplí -

    Cad a bhíonn ag dul timpeall an tí,
    agus taobh istigh den teach,
    ach ní dhéanann sé teagmháil leis an teach?

    An ghrian? Ach bíonn na gathanna solais ag bualadh na hadaimh sa teach..


  • Registered Users Posts: 363 ✭✭Icarus Wings


    An ghrian? Ach bíonn na gathanna solais ag bualadh na hadaimh sa teach..

    Sin é go díreach! Dúirt mo chara liom nach ndéanann sé teagmháil fhisiceach leis an teach!...¯\(°_°)/¯

    Tá sé sean agus b'fhéidir nach sé ró-cheart maidir le cúrsaí eolaíochta! Ní dúirt mé go raibh sé ró-mhaith...tá brón orm...:(:(

    Gheobhaidh tú mo bhuíochas agus an teideal "Mac Léinn an Lae", ar aon nós! ;):p:D


  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Maith tú, a Fhiachra17 as an ubh, seo ceann simplí eile daoibh.

    Tá ceithre chos aige ar maidin
    Tá dhá chos aige ag am lón
    Agus tá trí chos aige sa tráthnóna.

    Caidé atá ann?


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 83 ✭✭Sure it will be grand


    Tá trí chos agamsa ar maidin!

    Gheobhaidh mé mo chóta... :(


  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Caithfidh mé a admháil nach raibh cos ar bith agam ag deireadh na hoíche aréir...ach tá siad ar ais inniu buíochas le codladh fada :D


  • Registered Users Posts: 8,076 ✭✭✭Eathrin


    Deir daoine, Agus mé féin San aireamh, dia dhuit go minic.
    Tá sé níos fusa a rá ach an bhfuil sé ceart?


  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine



    Tá ceithre chos aige ar maidin
    Tá dhá chos aige ag am lón
    Agus tá trí chos aige sa tráthnóna.

    Caidé atá ann?

    Duine atá ann!

    Mar leanbh bíonn ceithre chos aige,
    Nuair atá siúil aige bíonn dhá chos,
    Nuair atá sé aosta bíonn trí chos aige (bata).


  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Eathrin wrote: »
    Deir daoine, Agus mé féin San aireamh, dia dhuit go minic.
    Tá sé níos fusa a rá ach an bhfuil sé ceart?

    An gramadach atá i gceist agat?
    Scríobhtar 'Dia duit' ach tá 'Dia dhuit' sa chaint.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 48 Fiachra17


    An gramadach atá i gceist agat?
    Scríobhtar 'Dia duit' ach tá 'Dia dhuit' sa chaint.

    go hiontach! tuigim an puzal anois! :D


  • Registered Users Posts: 8,076 ✭✭✭Eathrin


    An gramadach atá i gceist agat?
    Scríobhtar 'Dia duit' ach tá 'Dia dhuit' sa chaint.

    Yeah sin an rud atá á phlé agam.
    An deirtear "Dia duit" in aon áit choíche?


  • Registered Users Posts: 764 ✭✭✭bacon?


    Rhedyn wrote: »
    An tú Yu Ming?

    nil me ming.


  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Eathrin wrote: »
    Yeah sin an rud atá á phlé agam.
    An deirtear "Dia duit" in aon áit choíche?

    Is annamh é. Sa chás go labhrann duine ón Ghaeltacht iontach mall agus le machnamh, ta seans go gcluinfeá "Dia duit". Chuala mé é uair nó dhó!
    I mBéarla deirtear "how a' ya?" nuair a labhartar go gasta ach nuair a mhoilltear an abairt deirtear "how are you?"
    Sa chaint glacann daoine an dóigh is éasca de ghnáth.


  • Registered Users Posts: 363 ✭✭Icarus Wings


    Is annamh é. Sa chás go labhrann duine ón Ghaeltacht iontach mall agus le machnamh, ta seans go gcluinfeá "Dia duit". Chuala mé é uair nó dhó!
    I mBéarla deirtear "how a' ya?" nuair a labhartar go gasta ach nuair a mhoilltear an abairt deirtear "how are you?"
    Sa chaint glacann daoine an dóigh is éasca de ghnáth.

    Aontaím leis an gal gréine. Gan dabht, tá sé casta. Baineann sé le meascán de rudaí éagsúla - na fuaimeanna ag dul le chéile, na canúintí éagsúla, béaloideas agus an luas cainte.

    Maidir le canúintí agus na fuaimeanna -

    Caint = Scríobh

    dee-ah-gwit = Dia duit/dhuit (Munster/South)
    gee-ah-ditch = Dia duit (Ulster/North)
    dia dit = Dia duit (Connacht/West)

    De réir a chéile, áfach, thosaigh an fomhór ag rá an chéad cheann mar bíonn cainteoirí ag caint go tapa agus tá sé níos éasca a rá. Mar a dúirt an gal gréine, i mBéarla, deir a lán daoine "hihowareyuh" ach scríobhtar "Hi, how are you?". Feicimid na fadhbanna céanna le "Daoibh" - m.sh. Deirtear "Dia daoibh" nó de ghnáth, "Dia ye-ibh".

    Má tá suim ag éinne, tá díospóireachtaí faoi na fuaimeanna san áit seo agus seo.


  • Registered Users Posts: 363 ✭✭Icarus Wings


    bacon? wrote: »
    nil me ming.

    Ní tusa Ming...ach tá tú an-bhlasta le cabáiste!! :D







    ...tá brón orm...:(:(


  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Maidir le canúintí agus na fuaimeanna -

    Caint = Scríobh

    dee-ah-gwit = Dia duit/dhuit (Munster/South)
    gee-ah-ditch = Dia duit (Ulster/North)
    dia dit = Dia duit (Connacht/West)

    .

    Iontach suimiúil, Icarus Wings, ach maidir leis na fuaimeanna mmm, sílim go bhfuil an 'h' i 'dhuit' iontach láidir sa chaint i gConamara agus seans gur chuala tú an "ditch" i mBéal Feirste ach tá an 'h' ann go cinnte i dTír Chonaill.


  • Registered Users Posts: 363 ✭✭Icarus Wings


    Iontach suimiúil, Icarus Wings, ach maidir leis na fuaimeanna mmm, sílim go bhfuil an 'h' i 'dhuit' iontach láidir sa chaint i gConamara agus seans gur chuala tú an "ditch" i mBéal Feirste ach tá an 'h' ann go cinnte i dTír Chonaill.

    Tuigim é sin, an gal gréine. Tá mo treoirlíntí an-gharbh agus tá leabhair iomlán scríofa faoi na fuaimeanna atá sa teanga. Tá sé deacair a bheith cruinn - bíonn difríochtaí idir na cúigí agus ansin, tá difríochtaí idir na contaetha agus na háiteanna éagsúla.

    Is léir go bhfuil ceartúcháin ag teastáil uaidh. Go raibh maith agat as d'aiseolas! :)


  • Registered Users Posts: 83 ✭✭Sure it will be grand


    Inné, duirt fear as Inis Meáin dom "sa nGearmáin" seachas "sa Ghearmáin". Cheap mé go raibh sé sin aisteach.

    Agus tríd r-phost, duirt bean eile as Inis Meáin freisin "Má oibríonn an turas sin go gConamara amach". :confused:

    :)


  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Inné, duirt fear as Inis Meáin dom "sa nGearmáin" seachas "sa Ghearmáin". Cheap mé go raibh sé sin aisteach.

    Agus tríd r-phost, duirt bean eile as Inis Meáin freisin "Má oibríonn an turas sin go gConamara amach". :confused:

    :)

    Sin mar a deirtear é i gConamara agus Árainn....sa bhFrainc, sa bpost, sa gcarr srl. Sa + séimhiú atá sa chaighdeán agus sna ceanntracha eile.
    Níl eolas ar bith agam fá "go gConamara".


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 57 ✭✭an langer


    Raaaaa húúúú raaaa húúúú raaaa húúúúú

    'Cén t-ainm atá ar do bhean?'
    'Toyota Hiace'

    :-D


  • Registered Users Posts: 48 Fiachra17


    cá bhfuil na scéalta grinn? an bhfuil siad imithe? :(:(


  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Cailín beag bán le mullach rua uirthi.
    De réir mar a théann sí in aois,
    is é a théann sí níos lú.
    Caidé í féin?


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,856 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Cipín solais?


  • Registered Users Posts: 363 ✭✭Icarus Wings


    Cailín beag bán le mullach rua uirthi.
    De réir mar a théann sí in aois,
    is é a théann sí níos lú.
    Caidé í féin?

    Is aoibhinn liom an ceann sin! :D
    Fiachra17 wrote: »
    cá bhfuil na scéalta grinn? an bhfuil siad imithe? :(:(

    Bí foighneach, grasshopper! :p:D

    Bhuel, nílim in ann an dúil a throid - tá ceann eile agam daoibh!

    Cad atá níos tapúla, teas nó fuacht?


  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Cipín solais?

    Cóngarach!

    Coinneal


  • Registered Users Posts: 83 ✭✭Sure it will be grand


    Cad atá níos tapúla, teas nó fuacht?

    An oibríonn an tomhas sin i nGaeilge?? :D An féidir leat a rá "tá fuacht orm"?


  • Registered Users Posts: 48 Fiachra17


    An oibríonn an tomhas sin i nGaeilge?? :D An féidir leat a rá "tá fuacht orm"?

    hmm... níl a fhios agam :/

    ach, tá an freagra: teas, mar is féidir leat fuacht a ghabáil. nach bhfuil sé sin an freagra? :D:D


  • Registered Users Posts: 83 ✭✭Sure it will be grand


    Tá, ach an féidir leat fuacht a ghabáil nó slaghdán a ghabáil (nó an dá rud)? :pac:


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 363 ✭✭Icarus Wings


    An oibríonn an tomhas sin i nGaeilge?? :D An féidir leat a rá "tá fuacht orm"?

    Haha! Táim náirithe anois...caithfidh mé a admháil go raibh mé ag iarraidh dallamullóg a chur oraibh! Bheadh sé ró-éasca má bhain mé úsáid as "slaghdán"! De ghnáth, deir mé "slaghdán a ghabháil".

    Is "chancer" mé maidir le cluichí tomhais!!:D:D Caithfidh mé plean níos fearr a chumadh...;):p
    Fiachra17 wrote: »
    hmm... níl a fhios agam :/

    ach, tá an freagra: teas, mar is féidir leat fuacht a ghabáil. nach bhfuil sé sin an freagra? :D:D

    Tá an ceart agat, a Fhiachra! An duais - mo bhuíochas agus an teideal "Mac Léinn an Lae"! :D


Advertisement