Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all,
Vanilla are planning an update to the site on April 24th (next Wednesday). It is a major PHP8 update which is expected to boost performance across the site. The site will be down from 7pm and it is expected to take about an hour to complete. We appreciate your patience during the update.
Thanks all.

"An Drúcht Geal Ceo / The Foggy Dew"

  • 05-10-2015 2:59pm
    #1
    Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭


    Tá clú agus cáil ar an amhrán seo i mBéarla.Ach an chéad uair a chuala mé an leagan Gaeilge seo ar an raidió,bhí an ghruaig ina sheasamh suas agam.



    Gráinne Holland atá ag canadh.Is amhrán,agus fís,den chéad scoth é,nach bhfuil?
    Is breá é go bhfuil leaganacha Gaeilge de na hamhráin den chineál seo ag teacht amach in am do na chuimhneacháin 1916-2016,agus go deimhin,An Saighdiúir Bocht Cróga chomh maith.


Comments

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    Tá an dlúthcheirnín seo agam anois.Seo iad na liricí:

    An Drúcht Geal Ceo

    'Gabháil síos a'gleann dom i measc na gcrann
    Go dtí an chathair aoibhinn shuairc
    Bhí na slóite teann fána mílte lann
    Ag teacht aníos gan ghruaim
    Ní raibh crónán caoin as béalaibh píob
    Ná drumaí a'tógáil gleo
    Ach an clog go binn ag cur fáilte bhinn
    Roimh an Aingeal sa drúcht geal ceo

    Chroch siad in airde a mbrat go hard
    Os cionn Caisleán Bhaile Átha Cliath
    Níor ní leo bás fháil ag Sud El Bar
    Agus Éire na ndiaidh i bpian
    Is ó lár na Mí sea ghluais an scaoth
    De laochra líofa beo
    Agus slóite Gall ag bailiú anall
    A gcuid gunnaí sa drúcht geal ceo

    Ar shiúl mar chadhain,mo chreach is mo léan
    Tá na céadta curadh cruaidh
    Tá a gcnámha sínte ag Suvla an tsín
    Nó fá chósta na mara thuaidh
    Dá bhfaigheadh siad bás sa bhaile ar láimh
    Leis an Phiarsach tá inniu sa ghlóir
    Bheadh a n-uaigh faoin tsliabh i measc na bhFiann
    Mar a dtiteann an drúcht geal ceo

    Siad plúr na laoch a thit faraor
    I mbriseadh cruaidh na Cásc'
    Agus d'fhág siad sinn go cráite tinn
    Ag éagaoin fána mbás
    Is bhí súile an tsaoil ag breathnú an ghnímh
    A rinne clanna Gael sa ghleo
    Na leoin a d'éag le solas gléigeal
    Na saoirse sa drúcht geal ceo

    Phill mé aníos fán ghleann arís
    Is mo chroí bocht lán le bhrón
    Is mé scartha chóich' le plúr na laoch
    Nach bhfeicfinn arís níos mó
    Is i lár na hoíche sea bhímse ag guí
    Le bhur gcónaí bheith sa ghlóir
    Nó ruaig sibh na tráill,a fheara Fáil
    Nuair a thit sibh sa drúcht geal ceo


  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    An ndeireann Gráinne cé a rinne an t-aistriúchán?
    Chuala mé gur Séamus Ó Grianna a bhí ann.


  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    ^^^^
    Tá an ceart agat.
    Deireann Gráinne:
    "Deirtear liom gur an scríobhneoir iomráiteach as Rann na Feirste,Séamas Ó Grianna(1889-1969) a d'aistrigh go Gaeilge."

    Leagan iontach é agus guth álainn ag Gráinne.


Advertisement