Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Tá an gheailge ag fáil bháis

  • 02-06-2012 9:01pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 7,293 ✭✭✭

    Is as Gaeltacht Chonnamara mé agaus ní bhainim móran úsaid as mo ghaeilge. Tá neart daoine anseo le í á laibhairt ach fós níl moran suim agam sa dteanga mar níl aon déagóirí nó daoine óga í a úsaid níos mó, anseo fiú.
    Nuair a bhí mise ag deanamh mó scrúidíthe blian seo chaite, bhí fuath againn ar an ghaeilge mar cheap muid go raibh sí leadránach agus gan fheidhm ceart sa tír.
    Tá sé go deas a bheith abalta mo theanga dhúchais a laibhairt ach ní fheiceann mé áit cumhachtach dhó níos mó agus in áirithe, ní cheapainn go mbeath áit ceart i riabh aici ina thír féin.

    * first time writing in Irish since the Leaving and it took a lot to remember my spelling again, so take it easy grammar Nazis!:p

Comments

  • Registered Users Posts: 420 ✭✭CommanderC

    Ma ta duine amhain fiu ag caint gaeilge, ait eigin ar an domhain sin, ni bhfaighidh bas e.

    Mar sin- lean ar aghaidh ag caint mo chara !!! :D

  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep

    Tá aithne agam ar cailín ón Cheathrú Rua agus úsáidim mo chuid Gaeilge léi an t-am ar fad... Tá sise sásta í a úsáid, agus dúirt sí go raibh an-chuid gaeilge le chloisteáil ar ais sa bhaile. Ní raibh comhrá i mbéarla riamh againn. Ach, tá sé brónach nach bhfuil déagóirí ar bith ag úsáid a gcuid gaeilge leat :(

  • Registered Users Posts: 607 ✭✭✭mr chips

    Ní bhfaighfidh an teanga bás, ach ar an drochuair mothaím féin go bhfuil a todhchaí taobh amuigh de na ceantracha Gaeltachta, mar gheall ar an fhadhb a luaigh 1ZRed. Tá sí ag pointe éabhlóide sa mhéid is gurb í Gaeilge na Gaelscolaíochta a bheas á labhairt ag an chéad ghlúin eile, agus ní Gaeilge dhúchais na Gaeltachta. Is é mo bharúil gur cailliúint an-suntasach a bheas ann i leith saibhris na teanga.

  • Registered Users Posts: 5,246 ✭✭✭conor.hogan.2

    Tá an Ghaeltacht ag fáil báis, níl an Gaeilge ag fáil báis.

  • Registered Users Posts: 361 ✭✭Caiseoipe19

    1ZRed wrote: »
    Is as Gaeltacht Chonnamara mé agaus ní bhainim móran úsaid as mo ghaeilge. Tá neart daoine anseo le í á laibhairt ach fós níl moran suim agam sa dteanga mar níl aon déagóirí nó daoine óga í a úsaid níos mó, anseo fiú.
    Nuair a bhí mise ag deanamh mó scrúidíthe blian seo chaite, bhí fuath againn ar an ghaeilge mar cheap muid go raibh sí leadránach agus gan fheidhm ceart sa tír.
    Tá sé go deas a bheith abalta mo theanga dhúchais a laibhairt ach ní fheiceann mé áit cumhachtach dhó níos mó agus in áirithe, ní cheapainn go mbeath áit ceart i riabh aici ina thír féin.

    * first time writing in Irish since the Leaving and it took a lot to remember my spelling again, so take it easy grammar Nazis!:p

    Níl sin fíor. B'fhéidir nach mbaineann fomhór acu aisti ach tá déagóirí buailte agam a labhair as Gaeilge go minic. Leaid amháin a tógadh gan Béarla sa bhaile go dtí go ndeachaigh sé go bunscoil. Is fearr leisean an Ghaeilge ná an Béarla mar teanga. Tá daoine eile buailte agam in ollscoil i nGaillimh a bhaineann úsáid aisti go minic.

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 4,698 ✭✭✭Gumbi

    mr chips wrote: »
    Ní bhfaighfidh an teanga bás, ach ar an drochuair mothaím féin go bhfuil a todhchaí taobh amuigh de na ceantracha Gaeltachta, mar gheall ar an fhadhb a luaigh 1ZRed. Tá sí ag pointe éabhlóide sa mhéid is gurb í Gaeilge na Gaelscolaíochta a bheas á labhairt ag an chéad ghlúin eile, agus ní Gaeilge dhúchais na Gaeltachta. Is é mo bharúil gur cailliúint an-suntasach a bheas ann i leith saibhris na teanga.
    Is oth liom é a rá, ach tá Sceilp mhór saibhris caillte 'gainn cheana féin leis na blianta anuas.

    Ach 'fad 's atá daoine leis an bpaisean acu fós á labhairt 's á scapadh, beidh seans aici fós.

    Oh, yeah, fck you auto-correct ar m'iPhone! Ag milleadh na bhfocal agus iad á scríobh agam :( Ba dheacair an rud é é seo a phóstáil. 'Bhfuil focal ag éinne anseo a bhfuil an bhrí "tedious" leis?

  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine

    Leadránach

  • Registered Users Posts: 670 ✭✭✭Naomi00

    Gumbi wrote: »
    Is oth liom é a rá, ach tá Sceilp mhór saibhris caillte 'gainn cheana féin leis na blianta anuas.

    Ach 'fad 's atá daoine leis an bpaisean acu fós á labhairt 's á scapadh, beidh seans aici fós.

    Oh, yeah, fck you auto-correct ar m'iPhone! Ag milleadh na bhfocal agus iad á scríobh agam :( Ba dheacair an rud é é seo a phóstáil. 'Bhfuil focal ag éinne anseo a bhfuil an bhrí "tedious" leis?

    predicitive text as Gaeilge ar mon fón :P

  • Registered Users Posts: 4,698 ✭✭✭Gumbi

    Naomi00 wrote: »

    Cool! Bheadh sé sin áisiúil.

  • Registered Users Posts: 8,029 ✭✭✭SusieBlue

    Is trua mór é go bhfuil an dteanga ag dul i léig..Bhí suim mór agam sa Gaeilge are scoil ach chuaigh mé go dtí meanscoil lán Gaeilge. Áfach, nuair a rinne mé an Ard Teist, rinne beagnach leath don rang an páipear gnáth leibhéal sa Gaeilge - Ní raibh mé in ann é sin a tuiscint, bhíomar go léir líofa.
    Ceapaim nach bhfuil go leoir béim cuirthe ar an abhár ar scoil, níl an suim ag na múinteoirí agus da bharr é sin, faigheann ná páistí an teanga daicher.
    Is náire é go bhfuil na mílte daltaí ag fagaint an scoil gach blian gan aon greim ar an dteanga.
    Tá brón orm faoi aon botúin gramadach no litriú, nílim tar éis an Gaeilge a usáid le haghaidh tamaill fada agus táim beagáinín meirgeach!

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    WhiteRoses wrote: »
    Is trua mór é go bhfuil an dteanga ag dul i léig..

    Níl sí - taispeánann an Daonáireamh go bhfuil líofacht na ndaoine sa Ghaeilge ag fás.
    Bhí suim mór agam sa Gaeilge are scoil ach chuaigh mé go dtí meanscoil lán Gaeilge. Áfach, nuair a rinne mé an Ard Teist, rinne beagnach leath don rang an páipear gnáth leibhéal sa Gaeilge - Ní raibh mé in ann é sin a tuiscint, bhíomar go léir líofa.
    Sin an-ait ar fad. Níl aon chiall leis. Má théitear go dtí Gaelscoil, tá bua mór agat sa Ghaeilge - seans mór go bhfaighfí C ard ar a laghad, agus tá sin níos fearr ná A1 sa ghnáthleibhéal.
    Ceapaim nach bhfuil go leoir béim cuirthe ar an abhár ar scoil, níl an suim ag na múinteoirí agus da bharr é sin, faigheann ná páistí an teanga daicher.
    Is náire é go bhfuil na mílte daltaí ag fagaint an scoil gach blian gan aon greim ar an dteanga.
    An fhadhb, i mo thuairimse, ná sa bhunscoil. Níl sé sásúil go mbíonn múinteoirím ag múineadh na teangan agus gan greim a bheith acu féin uirthi. Dúirt duine liom cheana go mbeadh sé níos fearr dá dtiocfadh Gaeilgeoir isteach dhá nó trí uair sa tseachtain agus ranganna níos doimhin sa Ghaeilge a bheith acu, in ionad múinteoir leath-líofa á múineadh gach lá. Aontaím le seo. Muna bhfuil an múinteoir líofa sa Ghaeilge, ní chomhair dó/di í a múineadh.
    Tá brón orm faoi aon botúin gramadach no litriú, nílim tar éis an Gaeilge a usáid le haghaidh tamaill fada agus táim beagáinín meirgeach!
    Ná bí buartha faoi sin. Fiú i máthartheanga duine, déantar botúin - tá sé intuigthe go ndéanfar é sa dara/tríú teanga, freisin. Tá sé sna rialacha i dTeach na nGealt nár chomhair do dhaoine a bheith ina "Grammar Nazi" (ach amháin má iarrtar ar sin sa snáithe seo) - craic on, mar sin!

  • Registered Users Posts: 4,698 ✭✭✭Gumbi

    Aontaím leat, ach ní líofacht den chaighdeán céanna atá i gceist - ó thaobh saibreas na teanga ná oiliúint líofachta.

  • Registered Users Posts: 59 ✭✭DeBrugha

    Níl sé seo go hiomlán fíor - braitheann sé ar an áit i nGaeltacht Chonamara.

    Thugas aird go mbíonn an teanga níos coitianta i measc na leads ná na cailiní is ait an chaoi é gan dabht, tá mé cheapadh go bhfuil an teanga réasúnta slán ó Indreabhrán go dtí an Cheathrú Rua, Ros Muc, Ceantar na nOileán, agus Inis Meáin/Inis Oírr. Cheapfainn féin go bhfuil sí a dhul i léig i gCill Chiaráin, ar an Spidéal agus i gCarna agus Inis Mór.

    Cé as thú féin bail ó Dhia ort?

  • Registered Users Posts: 4,698 ✭✭✭Gumbi

    DeBrugha wrote: »

    An é ormsa a bhfuil an cheist sin dírithe?

  • Registered Users Posts: 59 ✭✭DeBrugha

    Níl - tá's am thú ar aon chaoi a chomrádaí ;))

  • Moderators, Technology & Internet Moderators Posts: 5,213 Mod ✭✭✭✭culabula

    Tá an Ghaeltacht ag fáil báis, níl an Gaeilge ag fáil báis.

    Má tá an Ghaeltacht ag fáil bháis, tá deireadh leis an Ghaeilg fosta.

    Ní fiú bheith ag caint is ag comhrá agus ag smaointeamh i mBearla ach fríd fhocail aisteacha -cén mhaith?

  • Moderators, Technology & Internet Moderators Posts: 5,213 Mod ✭✭✭✭culabula

    Gumbi wrote: »
    Is oth liom é a rá, ach tá Sceilp mhór saibhris caillte 'gainn cheana féin leis na blianta anuas.

    Ach 'fad 's atá daoine leis an bpaisean acu fós á labhairt 's á scapadh, beidh seans aici fós.

    Oh, yeah, fck you auto-correct ar m'iPhone! Ag milleadh na bhfocal agus iad á scríobh agam :( Ba dheacair an rud é é seo a phóstáil. 'Bhfuil focal ag éinne anseo a bhfuil an bhrí "tedious" leis?

    Ní teangaidh oifigiúil í an Ghaeilg ar iOS; mar sin ní ar an iPhone atá an locht ar chor ar bith.

    Má's mian leat scriobh i nGaeilg ar d'iphone gan stró bíodh súil ghéar agat NÓ cuir AS "autocorrect" inns na settings, nó tá sé cinnte go bhfuil roghnaithe agat "English" nó "British English" cheana féin mar theangaidh chorais.

  • Registered Users Posts: 363 ✭✭Icarus Wings

    culabula wrote: »
    Má tá an Ghaeltacht ag fáil bháis, tá deireadh leis an Ghaeilg fosta.

    Ní aontaím leat culabula! Chomh fada le m'eolas, níl aon riail ann ag rá go gcaithfidh tú a bheith sa Ghaeltacht chun an teanga a úsáid!:D

    Níl an teanga ag brath ar an Gaeltacht agus ceapaim go bhfuil sé seo fíor le fada an lae. Cúpla bliain ó shin, dúirt fear amháin liom (a bhí ina chónaí i gceantar áirithe sa Ghaeltacht) nár bhain aon duine sa cheantar úsáid as an teanga, seachas nuair a bhí turasóirí timpeall na háite!! Is mór an trua é nach raibh sé ag pleidhcíocht...:(

    Má bhíonn daoine buartha faoin teanga agus an todhchaí, ná bí ag féachaint ar an rialtas nó aon chumhacht eile chun lámh chúnta a thabhairt! I m'áit chónaithe (ní chónaím sa Ghaeltacht), buaileann roinnt daoine le chéile i gciorcal comhrá gach seachtain agus bíonn an grúpa ag fás i gcónaí. Tá sé de dhualgas ar gach duine againn a bhíonn ag úsáid an teanga faoi láthair í a chosaint don todhchaí!

  • Registered Users Posts: 4,698 ✭✭✭Gumbi

    Ach caithfear géilleadh, ar a laghad, go gcuireann an Ghaeltacht go mór le saibhreas ná teanga. Caillfear é seo, agus níos mó arís (ó thaobh na canúinte de, mar shampla) má fhaigheann sí bás.

    Aontaím go gcaithfimidne an iarracht a dhéanamh, is nach ceart dúinn a bheith brath ar dhaoine eile (an rialtas, ná fiú amháin an Ghaeltacht), ach ba cheart an pointe thuas a bheith ráite.

  • Registered Users Posts: 363 ✭✭Icarus Wings

    Gumbi wrote: »
    Ach caithfear géilleadh, ar a laghad, go gcuireann an Ghaeltacht go mór le saibhreas ná teanga. Caillfear é seo, agus níos mó arís (ó thaobh na canúinte de, mar shampla) má fhaigheann sí bás.

    Aontaím go gcaithfimidne an iarracht a dhéanamh, is nach ceart dúinn a bheith brath ar dhaoine eile (an rialtas, ná fiú amháin an Ghaeltacht), ach ba cheart an pointe thuas a bheith ráite.

    Gan amhras, dhéanfadh sé dochar fhaigheann sí bás ach tá an Ghaeltacht ann fós! Níl a port seinnte! B'fhéidir nach bhfuil sí chomh láidir ná riamh, ach tá seans againn rudaí a athrú...

    Ó thaobh saibhreas na teanga de, is rud teibí é sin atá an-deacair a mhíniú. Athraíonn teangacha i gcónaí - féach ar an Béarla ("Ye Olde" Béarla go dtí an "txt-talk" atá againn anois, mar shampla).

    Is aoibhinn liom an Ghaeilge agus na rudaí a bhaineann léi! Aontaím go gcaithtear fadhb a aithint chun í a réiteach ach cén teachtaireacht a fhaigheann cainteoirí nua nuair a chloiseann siad daoine sna meáin ag rá go bhfuil an Ghaeilge marbh nó, ar a laghad, ag fáil bháis?

    Ba mhaith liom suim a chothú sa teanga dhúchais, ach an bhfuil sé sin neamhréadúil? Ceapaim nach bhfuil sé...an bhfuil mé as mo mheabhair?

    (Ná freagair an cheist deireanach...tá chúis ann go bhfuilim ag caint i dTeach na nGealt!! :D:D)

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 439 ✭✭Ms.M

    Aontaím leat. Is thread leadránach é seo! :D Agus nach féidir linn rudaí a phlé as Gaeilge nach mbaineann go díreach léi? Sin rud a chothóidh suim sa teanga do dhaoine atá á labhairt i mo thuairim. Is teanga beo í! Cá bhfuil na threads a bhaineann le fadhbanna pearsanta, tuairimí conspóideacha, na meáin agus a leithéad?

Advertisement