Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all,
Vanilla are planning an update to the site on April 24th (next Wednesday). It is a major PHP8 update which is expected to boost performance across the site. The site will be down from 7pm and it is expected to take about an hour to complete. We appreciate your patience during the update.
Thanks all.

Gaeilgeoir deas as An Rúis

Options

Comments

  • Registered Users Posts: 3,483 ✭✭✭Ostrom

    As an méid a thuigim, is dea-scéal é. Tá súil agam go mbeidh mo chuid caighdeán Gaeilge comh maith mar atá aici - tar éis an méid staidéar céanna!

    Níor chuala mé a áit dúchais i gceart - is as an Rúis í?

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    Ostrom wrote: »

    Sea,is è An Rúis a háit dhúchais.
    Ach is léir go bhfuil fíor-ghrá agus an-suim aici faoin ár dteanga anseo in Éirinn,mar bhí aithne aici faoina cainúint éagsúla anseo,agus í ag iarraidh gach chineál a thuiscint.Thug sí cuairt ar áiteanna eile sa tír seo freisin chun eolas breise a fháil amach faoin Ghaeilge.

  • Registered Users Posts: 3,483 ✭✭✭Ostrom

    Bhí mé ag breathnú ar YouTube aréir (In the Name of the Fada). Sa heachtra áirithe, bhuail Des Bishop le fear as Korea ag caint Gaeilge líofa le blas díreach as an tuaisceart, a fuair sé as dlúthdhíoscaí agus ranganna ar an idirlín - cosúil leis an físeán thuas, bhí sé an suimiúil.

  • Registered Users Posts: 144 ✭✭wonder88

    Chuala mé í ag caint le Mairtín Thom Shéanín ar a clá radio tamall ó shoin. Tá sí ar twitter freisin, gaeilge breá aici.

  • Registered Users Posts: 3,483 ✭✭✭Ostrom

    An bhfuil nasc agat chuig a cúntas twitter? Ní fheicim í as cuardaigh Google.

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    Ba bhreá liom an t-ainm Máirín a thabhairt dí mar leagan Gaeilge ar Marina!!
    :-) :-)

  • Registered Users Posts: 1,530 ✭✭✭gaiscioch

    Nuair a d’fhreastail mé ar Chorca Dhuibhne i lár mhí na Lúnasa anuraidh bhíos ag caint le Rúiseach eile darb ainm Vitali (litriú?). Thugas síob dó ó Bhuailtín go Dún Chaoin agus fear margaidh ab ea é ó Mhoscó, más buan mo chuimhne.

    Bhíodh sé ag caitheamh geansaí Chiarraí agus ag caint Gaeilge líofa le blás láidir Rúiseach air. Bhí idir mhuintir an cheantair agus fhoghlaimeoirí an-tógtha leis.

  • Registered Users Posts: 144 ✭✭wonder88

    https://twitter.com/MSnesareva seo é an seoladh atá eici ar twitter

  • Registered Users Posts: 216 ✭✭AnLonDubh

    gaiscioch wrote: »
    Nuair a d’fhreastail mé ar Chorca Dhuibhne i lár mhí na Lúnasa anuraidh bhíos ag caint le Rúiseach eile darb ainm Vitali (litriú?). Thugas síob dó ó Bhuailtín go Dún Chaoin agus fear margaidh ab ea é ó Mhoscó, más buan mo chuimhne.

    Bhíodh sé ag caitheamh geansaí Chiarraí agus ag caint Gaeilge líofa le blás láidir Rúiseach air. Bhí idir mhuintir an cheantair agus fhoghlaimeoirí an-tógtha leis.
    Bhuaileas le Rúiseach mná i gCorca Dhuibhne (sa Bhuailtín) agus bhí sár-Ghaelainn aici (bhí salachar Bhéarla aici leis). Tá na consain chaola agus leathana sa Rúisís agus b'fhéid' gur sin é fé ndear blas na Gaelainne a bheith acu chomh cruinn agus a bhíonn sí.

    Maith thú a Mharina!

Advertisement