Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Cé mhéad teanga a labhraíonn tú?

  • 29-07-2012 11:54am
    #1
    Closed Accounts Posts: 439 ✭✭

    Uaireanta bíonn roinnt daoine ag gearán go bhfuil an Ghaeilge siarghabhálach "backward" nó oileánach. Ceapaim féin, ag smaoineamh ar mo chairde, go bhfuil níos mó Gaeilgeoirí le trí teanga ná daoine nach bhfuil Gaeilge acu le dhá theanga.
    Cad a smaoiníonn sibhse? Chuir mé poll leis. :)
    Cé mhéad teanga a labhraíonn tú go líofa nó go leath-líofa?

    Bhí sé i gceist agam "cúig theanga + " a scríobh.

    Cé mhéad teanga a labhraíonn tú? 80 votes

    Níl Gaeilge agam.
    0% 0 votes
    Gaeilge agus Béarla.
    6% 5 votes
    Trí theanga
    26% 21 votes
    Ceithre theanga
    48% 39 votes
    Cúig theanga
    18% 15 votes

«1

Comments

  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    Quand j'ai resté le bac, j'ai étudié la français. Ma gaelique et mon anglais ons été/sont trop meillures, mais je peux parler un petit peu de français.

    Rud a cheapaim atá greannmhar ná go mbíonn daoine (go mór mór ar After House) ach tabhairt amach faoi chóras múineadh na Gaeilge, agus deirtear go mba chomhair dó a bheith díreach mar chóras múineadh teangacha na hEorpa. Ach, i mo thuairimse, múintear iad san go huafásach. Nuair a bhíos ar scoil, b'fhuath liom an Fhraincis. Bhí sí i bhfad níos leadránach ná an Ghaeilge - sna ranganna Gaeilge, bhíodh comhráite againn faoi leathan mór de thopaicí - cúrsaí reatha, filíocht, scéalta irl. Sna ranganna Fraincise, d'fhoghlaimis réimniú briathra nó liostaí d'fhocal randamacha. Ní raibh aon mheas agam sa teanga nó mhuinín agam chun í a labhairt. Ar lá scrúdú na hArdteiste, bhíos an-chóngarach le gnáth-leibhéal a dhéanamh dá bharr, ach chuir mo mhúinteoir ina luí orm ard-leibhéal a dhéanamh. Fuaireas onór ar deireadh!

    Anois, lasmuigh den chóras oideachais, aithním gur teanga álainn í an Fhraincis agus tá sé ar intinn agam í a hath-fhoghlaim ag am éigin. Táim cinnte gur tháinig athrú mheon aigne orm de bharr gur aithním anois nach ionann an Fhraincís sna ranganna agus an Fhraincís sa dhomhain réadúil. Tá sé mar an gcéanna leis an nGaeilge, ach níl daoine áirithe sásta glacadh le seo.

    Bhuel, táim tar éis dul beagáinín as topaic le sin. Aontaím leat go bhfuil sé i bhfad níos éasca tríú teanga a fhoghlaim má tá dara ceann agat ag aois óg - más Béarla, Gaeilge, Fraincis nó haon teanga eile an teanga sin.

    Cén teangacha atá agat féin, Ms M?

  • Registered Users Posts: 66 ✭✭ciaran1212

    Maidir liomsa, níl líofacht ach ag Béarla amháin agam, ar an drochuair, ach tá leath-líofacht agam ag an Ghaeilge, an tSeapáinis, an Spáinnis, an Ghearmáinis, an Fhraincis, agus an tSualainnis. Saghas nerd-theangacha is ea mé, déanta na fírinne. Anois táim ag foghlaim Faróis, Ainu (teanga dhúchais na Seapáine) agus roinnt theangacha eile, ach nílim in ann iad a labhairt go maith go fóill.

  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep

    Béarla agus Gaeilge amháin, agus níl mo chuid Gaeilge foirfe! (...fós)

  • Registered Users Posts: 1,674 ✭✭✭aaabbbb

    Labhraím tri teanga . Gaeilge , Berla agus Francais . Ach is é Béarla an teanga amháin a labhairt me go líofa.

  • Registered Users Posts: 607 ✭✭✭mr chips

    Gaeilge, Béarla, Francais, Gearmánais. Ansin tá cúpla focal sa Spáinnis agam, chomh maith le mionghiota Ghaeilge na hAlban.

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 439 ✭✭Ms.M

    Paz-CCFC wrote: »
    Cén teangacha atá agat féin, Ms M?

    Déarfainn go bhfuil trí theanga agam de chaighdeán ard. Rinne mé staidéar ar an bhFraincis ar ollscoil freisin. Nuair a thaistlím go dtí tír ar bith eile déanaim iarracht an teanga a fhoghlaim roimh ré agus a chleachtadh. Táim ag díriú ar mo chuid Fraincise faoi láthair mar seans go mbeidh mé ag bogadh go dtí an Fhrainc an bhliain seo chugainn.

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Is féidir liom Gearmáinís a labhairt, ach nílim líofa ar chur ar bith.

  • Registered Users Posts: 66 ✭✭ciaran1212

    Ms.M wrote: »
    Déarfainn go bhfuil trí theanga agam de chaighdeán ard. Rinne mé staidéar ar an bhFraincis ar ollscoil freisin. Nuair a thaistlím go dtí tír ar bith eile déanaim iarracht an teanga a fhoghlaim roimh ré agus a chleachtadh. Táim ag díriú ar mo chuid Fraincise faoi láthair mar seans go mbeidh mé ag bogadh go dtí an Fhrainc an bhliain seo chugainn.

    Dúirt tú go raibh cúig theanga + agat, cad iad an dá theanga + eile? Béarla, Gaeilge, Fraincis agus...?

  • Closed Accounts Posts: 439 ✭✭Ms.M

    ciaran1212 wrote: »
    Dúirt tú go raibh cúig theanga + agat, cad iad an dá theanga + eile? Béarla, Gaeilge, Fraincis agus...?

    Dúirt mé go raibh sé i gceist agam 'cúig theanga +' a scríobh ar an bpoll (in ionad "cúig theanga") :) Tá trí theanga agam de chaighdeán ard.

  • Registered Users Posts: 35 Koshea

    Geailge, Béarla agus táim á feabhsú mo chuid Ghearmáin (ag féachaint ar bogadh go dtí an mór roinn i gceann tamailín/cúpla mí)

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 83 ✭✭Sure it will be grand

    An bhfuil aon Spáinnisoirí sa teach? Me gusta hablar con las manos.

  • Registered Users Posts: 66 ✭✭ciaran1212

    An bhfuil aon Spáinnisoirí sa teach? Me gusta hablar con las manos.

    (cur isteach comhartha uaillbhreasa bunoscionn anseo)Por supuesto! (cur isteach comhartha uaillbhreasa amháin eile bunoscionn anseo)Los Españoles son demasiados animados! :P

  • Registered Users Posts: 83 ✭✭Sure it will be grand

    ciaran1212 wrote: »
    (cur isteach comhartha uaillbhreasa bunoscionn anseo)Por supuesto! (cur isteach comhartha uaillbhreasa amháin eile bunoscionn anseo)Los Españoles son demasiados animados! :P

    Has vivido sa Spáinn riamh?

    Tá cúpla compañeros Gaelach agam sa 'Spaña agus a veces hablamos le chéile as Gaelspañol. Tá sé super greannmhar agus na 'spañoles siempre están confundidos.

    Ceapim que hay similares idir an Ghaeilge agus el castellano, mar ejemplo, por rud éigin pequeño, hay "ín" i nGaeilge agus en espanyol: botellín, señorín - buidéalín, buachaillín. Qué más.. nada = dada. Tá un montón samplaí más.

    Me encanta mezclar na teangacha. :pac:

  • Registered Users Posts: 83 ✭✭Sure it will be grand

    An bhfuil aithne agaibh ar Breandán Ó Laobhais? Tá 7 dteangacha aige agus tá sé ag taisteal ar fud an domhain ag foghlaim teangacha nua.

    Nach bhfuil sé sin go hiontach.

    Estupendeach! No, no he estado i mo chónaí sa 'Spaña riamh i mo bhída! Por cén fáth nach he pensadatha en este ídéa antes de é seo! An bhfuilim ag haciendolo de manera díreach? An-chistoso ar fad.

    Tá, agus tá sé an-suntasach. Tá mise ag foghlaim níos mó teangacha ná sin (a dúirt Ciarán go bogásach :P), ach nílim den caighdeán céanna le Benny. Níl teanga líofa ar bith agam diomaite de Béarla.

  • Registered Users Posts: 83 ✭✭Sure it will be grand

    ciaran1212 wrote: »
    An bhfuilim ag haciendolo de manera díreach?

    Tá do Ghaelspañol estupendeach ar fad! :eek:

    Níl aon fadhblema ar bith 'ad. Necesitamid níos más caintadores Ghaelspañoles en este mundomhain porque, claramentach, es una teanga an-hermosa ar fad. Deberíamid escríobhir un libro nó un alt en Gaelspañol para demostrar su áilleacht.

    Estarémise hablando leatsigo go pronto, gan duda.

    Ciao go fóill.

  • Registered Users Posts: 66 ✭✭ciaran1212

    Estarémise hablando leatsigo go pronto, gan duda.

    Ciao go fóill.

    Míle gracias, a charamigo. Táim ag feitheamh con ganas leis!

  • Registered Users Posts: 4,698 ✭✭✭Gumbi

    Má chomhraím(sp?) mo chuid Fraincíse, tá trí theanga agam, ach chun na fírinne a rá, níl ach an Ghaeilge is an Béarla go líofa Ar fad agam.

  • Registered Users Posts: 979 ✭✭✭Seannew1

    Labhraím Gearmáinis go líofa mar bhí mé ag déanamh staidéir ar an nGearmáinis nuair a bhí mise san ollscoil.Is dóigh liom go pearsanta gur í Gearmáinis ceann de na teangacha is tábhachtaí ar fud an domhain. Ceapann go leor daoine gur é Béarla an teanga is tábhachtaí in Eoraip ach labhraíonn níos mó daoine Gearmáinis mar phríomhtheanga i gcúrsaí cumarsáide gach lá ná Béarla.

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 66 ✭✭ciaran1212

    Seannew1 wrote: »
    labhraíonn níos mó daoine Gearmáinis mar phríomhtheanga i gcúrsaí cumarsáide gach lá ná Béarla.

    Wirklich? Es kan nicht so sein!

  • Registered Users Posts: 979 ✭✭✭Seannew1

    ciaran1212 wrote: »
    Wirklich? Es kan nicht so sein!

    Ja, manchmal ist es schwer zu glauben aber es ist Wahr! http://www.vistawide.com/german/why_german.htm Ní féidir liom nasc níos fearr a aimsiú, Entschuldigung!

  • Registered Users Posts: 7,024 ✭✭✭HalloweenJack

    Dearfá go labhraíom trí theanga go liofa agus tá caighdean sach mhaith agam i trí cinn eile.

    Labhairim Bearla, Gaeilge agus Spáinnis. Chomh mhaith, is féidir liom roinnt Poirtaingeilis. Gearmáinnis agus Seicis a labhairt.

  • Registered Users Posts: 83 ✭✭Sure it will be grand

    Seans go bhfuil Gaelspañol agat, a Sheaic na Samhain? :pac:

  • Closed Accounts Posts: 55 ✭✭Caribbean Cat

    Labhraím chúig theanga..Gaeilge agus Béarla go líofa,Fraincís, Iodáilis agus Spáinnis leath líofa!Beidh mé ag foghlaim Gearmáinis sa Mheán Fhómhar freisin le cúnamh Dé..is breá liom teangacha,é sin nó is breá liom strus a chur orm féin!:D

  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,475 Mod ✭✭✭✭dory

    An bhfuil aithne agaibh ar Breandán Ó Laobhais? Tá 7 dteangacha aige agus tá sé ag taisteal ar fud an domhain ag foghlaim teangacha nua.

    Nach bhfuil sé sin go hiontach.

    Roinnt mhaith cainte déanta mar gheall air ar an bhfóram 'Languages'. Is iontach an saol atá aige ag taisteal agus ag foghlaim teangacha. Ach deir sé féin go dtógann sé sainmhíniú leathan ar an bhfocal 'líofa'. Bhí ceisteanna ann faoin gcaighdeán a bhaineann sé amach, ach ní haon saineolaí mé, cinnte.

    Mé féin - braitheann sé ar an sainmhíniú arís. Ní bheadh aon fhadhb agam mo shaol a chaitheamh trí Bhéarla, Gaeilge, Spáinnis nó Albáinis. Agus táim fós ag obair ar Khasi, Fraincís agus Rúisis.

  • Registered Users Posts: 6,889 ✭✭✭tolosenc

    dory wrote: »
    Ach deir sé féin go dtógann sé sainmhíniú leathan ar an bhfocal 'líofa'.

    I mo thuairim tá sainmhíniú leathan air. I ndáiríre, is rudaí difriúla iad a bheith líofa i dteanga éigin agus a bheith foirfe inti. Déarfainn go bhfuil 4 teanga agam, nílim foirfe ach i mBéarla, ach tá Fraincis agus Gaeilge líofa agam (cé nach bhfuil mé toujours certain de gach gné gramadaí don teanga - urú/shéimhiú, litriú, firinscneach/baininscneach 7rl). Tá beagánín Italiano agam, ach nílim chomh láidir agus mé ag labhairt í.

  • Registered Users Posts: 70 ✭✭Yer_Wan

    Gaeilge, Béarla agus Gearmáinis.

    Bhí an rogha agam idir Fraincis agus Gearmáinis sa chéad bhliain sa mhéanscoil. Is mór an trua é nach raibh mé ábalta na dhá cinn a lean. Bhí grá mór agam don Fhraincis.

  • Registered Users Posts: 7,024 ✭✭✭HalloweenJack

    Seans go bhfuil Gaelspañol agat, a Sheaic na Samhain? :pac:
    Seans mhaith.

    Is mór an trua é ach ní raibh a lán seansanna agam an Gaeilge a labhairt ó a d'fhág mé an meanscoil cúig bliain ó shin.

    San t-am sin, bhí mé i mo chónaí i trí tir difriúila agus bhí mé ag úsáid teangacha difriúila i gach ceann. Chomh mhaith, bhí me ag fhoghlaim an Spáinnis san ollscoil agus anois tá sé i bhfad níos láidre ná mo Gaeilge.

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 48 Fiachra17

    ciaran1212 wrote: »
    Estupendeach! No, no he estado i mo chónaí sa 'Spaña riamh i mo bhída! Por cén fáth nach he pensadatha en este ídéa antes de é seo! An bhfuilim ag haciendolo de manera díreach? An-chistoso ar fad.

    bhí yo sa 'Spaña en junio agus en julio agus bhí sé muy boníteach!
    ba mhaith liom regresar algún lá mar a es un tír muy álainn!
    an bhfuil otras personas anseo las que les gusta spáinnis? :cool:

Advertisement