Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all,
Vanilla are planning an update to the site on April 24th (next Wednesday). It is a major PHP8 update which is expected to boost performance across the site. The site will be down from 7pm and it is expected to take about an hour to complete. We appreciate your patience during the update.
Thanks all.

Corn Domhanda 2014

  • 16-06-2014 8:31pm
    #1
    Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭

    Féile peile iontach go dtí seo, nach ea? Ní chuimhinn liom Corn Domhanda leis an méid seo cúl riamh. 41 cúl go dtí seo - 3.5 in aghaidh an chluiche. :eek:

    Fuaireas Cósta Ríce (agus Cameroon...) san oifig. Bhí áthas an domhain orm nuair a bhí an bua acu ar Urugua. Bhí an craic agam leis an gcailín go raibh Urugua aici. Ach is dóigh liom go mbeidh an lá léi sa deireadh - tá an Ghearmáin aici!

    I ndáiríre, b'fhearr liom na comórtais seo nuair nach mbíonn Éirinn iontu. Nuair a bhíonn sí, laghdaíonn mo chuid suime nuair a bhaintear den chomórtas di (go luath). Nuair nach mbíonn sí, bíonn go leor suim agam tríd an gcomórtas ar fad.

Comments

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    Paz-CCFC wrote: »

    I ndáiríre,is rud maith è nach bhfuil foireann na hÉireann sa chomórtas mar tá siad go fíor-ainnis agus fíor-uafásach...mar shampla,sa bhliain 2012 chonaic muintir ó ceann cheann na hEóraip ar fad go rabhamar an foireann is measa sa chomórtas ag an am seo,agus níl foireann na hÉìreann i bhfad níos fearr anois ach an oiread!!

    Faoi láthair,táim ag cailleadh Corn an Domhan-agus gach clár eile chomh maith-mar tá fadhbanna le mo chainèil teilifíse...chuir mé glaoch orthu agus níl siad in ann na chainéil a dheisiú go Dè Luain seo chugainn.

    A dhiabhail.

  • Registered Users Posts: 54 ✭✭Rhedyn

    Seasan wrote: »

    Má tá tú i do chonaí in Éirinn is féidir leat na cluifí a fheiceáil ar an RTE Player ar do ríomhaire (saor in aisce).

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    Rhedyn wrote: »
    Má tá tú i do chonaí in Éirinn is féidir leat na cluifí a fheiceáil ar an RTE Player ar do ríomhaire (saor in aisce).

    Níl ríomhaire agam ar chor ar bith-sé seo an idirlíon ar m'fhón póca atá le h-úsáid agam.

  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    Seasan wrote: »
    I ndáiríre,is rud maith è nach bhfuil foireann na hÉireann sa chomórtas mar tá siad go fíor-ainnis agus fíor-uafásach...mar shampla,sa bhliain 2012 chonaic muintir ó ceann cheann na hEóraip ar fad go rabhamar an foireann is measa sa chomórtas ag an am seo,agus níl foireann na hÉìreann i bhfad níos fearr anois ach an oiread!!

    Faoi láthair,táim ag cailleadh Corn an Domhan-agus gach clár eile chomh maith-mar tá fadhbanna le mo chainèil teilifíse...chuir mé glaoch orthu agus níl siad in ann na chainéil a dheisiú go Dè Luain seo chugainn.

    A dhiabhail.

    De gnáth, imríonn Éire go maith sa Chorn Domhanda: 1990 - Cluiche Ceathrú Ceannais; 1994 - An Dara Babhta; 2002 - an Dara Babhta. Is mór an t-airgead a d'fhaighfí, chomh maith: $8M don fhoirean a chaillean amach sna stáitsí grúpa; $9M don dara babhta; $14M don chluiche ceathrú ceannais. Fuaireamar €8M dhá bhliain ó shin, nuair nár bhuamar cluiche, fiú. B'fhearr liom dá mbeadh an t-airgead sin curtha i bpeil na hÉireann ná tír eile. Fiú más iad John Delaney agus an FAI a bheadh i gceannas air.

  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine

    Tá 'fhios agam nach bhfuil go leor Braisíligh ag cur fúthu in Éirinn....ach dá mbeadh an t-ádh orainn, seans go dtiocfadh Pelé óg nó dhó as an méid atá anseo :)

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    Tá 'fhios agam nach bhfuil go leor Braisíligh ag cur fúthu in Éirinn....ach dá mbeadh an t-ádh orainn, seans go dtiocfadh Pelé óg nó dhó as an méid atá anseo :)

    Ach.....
    Tá mé cinnte go roghnóidh siad imirt le foireann Bhraisíl!!

  • Registered Users Posts: 54 ✭✭Rhedyn

    Tá 'fhios agam nach bhfuil go leor Braisíligh ag cur fúthu in Éirinn....ach dá mbeadh an t-ádh orainn, seans go dtiocfadh Pelé óg nó dhó as an méid atá anseo :)

    Tá neart acub sa nGort. :)

  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine

    Seasan wrote: »
    Ach.....
    Tá mé cinnte go roghnóidh siad imirt le foireann Bhraisíl!!

    B'fhéidir é ach má a ndóthain peileadóirí d'ard-chaighdeán ag An Bhrasaíl seans nach mbeadh suim acu stócach as Éireann a imirt agus sa chás sin roghnódh sé Éire.
    Tá peileadóirí a rugadh, fiú, sa Bhrasaíl ag imirt sa Chorn seo faoi láthair do thíortha eile ón Eoraip!!

  • Administrators, Entertainment Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 18,707 Admin ✭✭✭✭✭hullaballoo

    Seasan wrote: »
    Níl ríomhaire agam ar chor ar bith-sé seo an idirlíon ar m'fhón póca atá le h-úsáid agam.
    Tá sé beagnach dodhéanta RTÉ player a úsáid ar aon nós. Stadann sé gach tríocha soicind.

    Má tá tú ag iarradh an CD a fheiceál ar do phón póca, is féidir leat app a fháil. Seoladh PM chugum.

  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    Is í an Spáinn a chéad fhoireann (i dteannta leis an Astráil) gur scoireadh ón Chorn Domhanda iad. :eek: Cluiche iontach anocht idir eatarthu agus an tSile. Agus idir an Astráil agus an Ísiltír, chomh maith.

    An Corn Domhanda is fearr le fada. Tá súil agam go mbeidh na babhtaí scortha ar an leibhéal céanna.

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    Tá sé beagnach dodhéanta RTÉ player a úsáid ar aon nós. Stadann sé gach tríocha soicind.

    Má tá tú ag iarradh an CD a fheiceál ar do phón póca, is féidir leat app a fháil. Seoladh PM chugum.

    Maith thú a thaisce.

    Ach tá dea-scéala agam anois....
    Thug mo chara san ollmhargadh a n-oibrímíd le chéile a bhosca Saorview domsa ar íasacht(tá ceann eile aige),agus tá sé réidh agam anois-agus faoi láthair táim ag féachaint ar Sasana v An Urugua le fíor-bhuíochas!! :-)

  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    Cósta Ríce abú! Le cúnamh Dé, beidh an Iodáil sa chéad bhabhta eile leo.

    Tá áthas ag leor Éireannach go mbeidh Sasana ag dul abhaile. Cé acu a bheidh ag béicigh le scéitímí nuair a ath-thosaíonn sraith Shasana?

  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    Cósta Ríce sna cluichí ceathrú ceannais! 1-1 in ndiaidh am breise agus 5-3 sna ciceann pianóis.

    Forza Costa Rica!

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,856 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Do bhíos ar bís arís anocht ag féachaint ar na ciceanna! Maith an fear, Navas. Save den chéad scoth. :)

  • Closed Accounts Posts: 68 ✭✭DarraghFitz98

    Cad a cheap sibh faoi An Bheilg i gcoinne na Stáit Aontaithe? Cluiche den scoth nach ea!

    Bhí Tim Howard thar barr!

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    Cad a cheap sibh faoi An Bheilg i gcoinne na Stáit Aontaithe? Cluiche den scoth nach ea!

    Bhí Tim Howard thar barr!
    Cheap mé go raibh sé caillte ag na Stáit Aontaithe tar éis an chéad leath den am breise.....
    Ach nach dtroid siad go hiontach sa dara leath-bhí deiseanna acu an cluiche a cur ar ais ar comhscór ar a laghad-níor ghéill siad agus ba cheart dóibh a bheith an-bhródúil cé nach raibh an bua acu.

  • Closed Accounts Posts: 68 ✭✭DarraghFitz98

    Seasan wrote: »
    Cheap mé go raibh sé caillte ag na Stáit Aontaithe tar éis an chéad leath den am breise.....
    Ach nach dtroid siad go hiontach sa dara leath-bhí deiseanna acu an cluiche a cur ar ais ar comhscór ar a laghad-níor ghéill siad agus ba cheart dóibh a bheith an-bhródúil cé nach raibh an bua acu.

    Agus bhí seans iontach acu ag an nóimead deireanach!

Advertisement