Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all,
Vanilla are planning an update to the site on April 24th (next Wednesday). It is a major PHP8 update which is expected to boost performance across the site. The site will be down from 7pm and it is expected to take about an hour to complete. We appreciate your patience during the update.
Thanks all.

Fáilte roimh chách i dTeach na nGealt!

  • 04-06-2015 3:59pm
    #1
    Registered Users Posts: 5,798 ✭✭✭

    Níl an cúinne seo ar shlí na fírinne fós, nó i ngar de, ach mar sin féin, seo cuireadh do gach éinne ar Boards a bhfuil ag iarraidh triail a bhaint as a stór Gaeilge dul isteach agus post ar bith a chur suas. Ná bí buartha faoi litriú, gramadach agus srl, tá na modhnóirí an-chneasta i dtaobh rudaí mar sin, breathnaigh ar an snáthaid seo mar "ciorcal cómhrá scríofa", mar dhea!

Comments

  • Closed Accounts Posts: 895 ✭✭✭Dughorm

    Bhì beirt fear san IRA ag súil síos an mbóthar nuair a chonaic siad fear ag suí ar an mballa.

    'An cheapainn tù go bhfuil an fear sin san UVF' arsa Martin.
    'Ní cheapaim' arsa Gerry.

    (Is súil liom go bhfuil na modhnóirí an-bhog ar fad!!)

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,856 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Cé chomh sean is atá an jóc sin?! :o

    Táimse ag obair sa Ghaeltacht faoi láthair, is mar sin táim beagáinín ró-ghnóthach do bheith ag scríobh anseo go minic.

    Ach is dócha go mbeidh scéalta agam daoibh nuair a chríochnaíonn an cúrsa! :D

    Bhuail mé le láithreoir raidió ó RnaG cúpla oíche ó shin. Iontach aisteach buaileadh le duine agus aithne ar a ghuth cheanna.

  • Closed Accounts Posts: 895 ✭✭✭Dughorm

    An File wrote: »
    Cé chomh sean is atá an jóc sin?! :o

    Mea culpa!! Ach níl aon jóc eile as Gaeilge ar eolas agam :o

  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    Dughorm wrote: »
    Mea culpa!! Ach níl aon jóc eile as Gaeilge ar eolas agam

    Ceann atá beagnach chomh shean le do ghreannscéal féin:

    Do bhí Charles ó Shasana ar laethanta saoire in Éirinn. Do chuaigh sé ar siúlóid lá amháin, ach tar éis tamaill, do chuaigh sé ar seachrán. Ní raibh sé in ann teacht ar bhaile ar bith le fada. Ní raibh aon bhia aige, níor thug sé buidéal uisce leis, fiú.

    Do bhí sé ag siúl trí pháirc agus chonaic sé locháinín. Díreach sular ól sé as, do bhéic fear chuige. "Ná ól an t-uisce sin, a bhuachaill" arsa sé. "Is lán de chac na mbó é."

    "I don't speak Irish, you peasant" arsa Charles. "Speak the Queen’s language."

    "Use both hands, you'll drink it quicker!"

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    An File wrote: »
    Cé chomh sean is atá an jóc sin?! :o

    Táimse ag obair sa Ghaeltacht faoi láthair, is mar sin táim beagáinín ró-ghnóthach do bheith ag scríobh anseo go minic.

    Ach is dócha go mbeidh scéalta agam daoibh nuair a chríochnaíonn an cúrsa! :D

    Bhuail mé le láithreoir raidió ó RnaG cúpla oíche ó shin. Iontach aisteach buaileadh le duine agus aithne ar a ghuth cheanna.

    Iontach.Cé hé a bhuail tú le?

    Bhí mise ag labhairt le Máirtín Tom Sheàinín ar an bhfón ar a chlár Árdtráthnóna i mí Eanáir,agus b'é an duine is cáilúil abhí mé ag labhairt le riamh.Chuir sé cúpla ghlao theileafóin ormsa ar na laethanta roimhe sin.

  • Advertisement
  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,856 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Seasan wrote: »

    Haha! An fear ceannan céanna! :) Bhíomar ag canadh leis insan bpub The Hooker/Tigh Jack in aice Béal a'Daingin. An-deas ar fad.

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    An File wrote: »
    Haha! An fear ceannan céanna! :) Bhíomar ag canadh leis insan bpub The Hooker/Tigh Jack in aice Béal a'Daingin. An-deas ar fad.

    Hea Hea!!!
    Ó tá éad orm anois,is laoch mór é,nach bhfuil?

    Nuair a ghlaoigh sé orm ar dtús,tar èis eisean ag iarraidh orm píosa cainte a dhéanamh leis ar an raidió,d'iarr sé orm cuairt a thabhairt ar an bpub seo má thagann mé go Conamara ,agus a thuairisc a chur.Ceapaim go bhfuil lena mhac,Màirtín Óg,an phub seo.
    An chéad uair a chuir sé glaoch orm,bhí mé amach ag rothaíocht.Chuala mé mo fhón ag bualadh,agus ní raibh fhios agam cé abhí ag cur glaoch orm mar ní raibh aithne agam ar an uimhir.D'fhreagair mé é,agus chuala mé a ghlóir:
    "Hello...Iasán,an ea??"
    Ba bheag nár thit mé den rothar.

    Beidh mé ar saoire i gConamara mí Lúghnasa seo chugainn.Seans go mbuailfidh mé leis....

  • Moderators, Education Moderators, Regional South East Moderators Posts: 12,475 Mod ✭✭✭✭byhookorbycrook

    Beidh mé ar laethanta saoire i gCorca Dhuibhne an mhí seo ch. Ag tnúth go mór le uachtar reoite Murphys!

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    Beidh mé ar laethanta saoire i gCorca Dhuibhne an mhí seo ch. Ag tnúth go mór le uachtar reoite Murphys!

    Tá sé geallta go deimhin agam dul ar ais go dtí an áit seo arís.

    Chaith mé trí lá sa Daingean Uí Chúis sa bhliain 2011,agus chaith mé lá amháin go hiomlán ag rothaíocht mórthimpeall Corca Dhuibhne-cuimhní deasa ag bualadh ar ais chugam anois....na radharcanna iontacha,Fionntrà,Dún Bheag,tithe na Ghorta Mór,Cnoc Bhréanainn,Dún Chaoin,Oileán Bhlascaoid agus alàn lán eile.
    Agus pionta Guinness an-dheas i dTígh Uí Fhlaithearthaigh ag deireadh an lae.

    Bain an-sult as,agus nà déan dearmad ar Fungí!!

  • Closed Accounts Posts: 895 ✭✭✭Dughorm

    An bhfuil a fhios agaibh an bhfuil Wimbledon ar TG4 an samhraigh seo?

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    Tá mè tar éis an sceideal TG4 don tseachtain seo chugainn a léamh ach níl tàsc ná tuairisc ar Wimbledon Beo an bliain seo,agus is é an peaca nach bhfuil.

  • Closed Accounts Posts: 895 ✭✭✭Dughorm

    Seasan wrote: »
    Tá mè tar éis an sceideal TG4 don tseachtain seo chugainn a léamh ach níl tàsc ná tuairisc ar Wimbledon Beo an bliain seo,agus is é an peaca nach bhfuil.

    Maith agat Seasan! Caithfidh mé súil thaitneamhach a chaith ar Maria Sharipova ar BBC mar sin! :D

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    Dughorm wrote: »
    Maith agat Seasan! Caithfidh mé súil thaitneamhach a chaith ar Maria Sharipova ar BBC mar sin! :D

    Airim uaim Steffi Graf fós,creid nó ná chreid,ach 's í Anna Ivanovic mo chailín anois....

    Ádh mór do David Ferrer,ach ba bhreá liom an bua a bheith ag an laoch mór,Roger,arís,sula n-éiríonn sé as imirt leadóige.Tá sé i na deá-shláinte fós,is imreoir den chéad scoth é nach bhfaca mé go deo,ach níl sé ag éirí níos óige....

  • Closed Accounts Posts: 895 ✭✭✭Dughorm

    Seasan wrote: »
    Airim uaim Steffi Graf fós,creid nó ná chreid,ach 's í Anna Ivanovic mo chailín anois....

    Ádh mór do David Ferrer,ach ba bhreá liom an bua a bheith ag an laoch mór,Roger,arís,sula n-éiríonn sé as imirt leadóige.Tá sé i na deá-shláinte fós,is imreoir den chéad scoth é nach bhfaca mé go deo,ach níl sé ag éirí níos óige....

    Tá Federer amach ar an gcúirt amárach ceapaim, is iontach an imreoir é caithfaidh mé a rá.

    Ní raibh aon rud scannallach ann inniú - ní raibh a fhios agam go raibh Leyton Hewitt fós ag imirt (:o) ach bhí scór iontach bhainte amach aige inniú.

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    Dughorm wrote: »
    Tá Federer amach ar an gcúirt amárach ceapaim, is iontach an imreoir é caithfaidh mé a rá.

    Ní raibh aon rud scannallach ann inniú - ní raibh a fhios agam go raibh Leyton Hewitt fós ag imirt (:o) ach bhí scór iontach bhainte amach aige inniú.

    Cluiche deireanach Hewitt i Wimbledon.Ba cheart dó a bheith an-bhródúil as a ghníomhaíocht.

    Fuair mè amach inniu nach mbeidh David Ferrer ag imirt sa chomórtas ar chor ar bith mar ghortaigh sé a uilleann.Tá díomá orm mar is trodaí iontach é gan stad ar an gcúirt agus taitníonn sé go mór liom i gcónaí.

    Tá díomá orm freisin nach bhfuil an comórtas ag craoladh ar TG4.Airím uaim an craoladh Gaeilge,agus bhíomar in ann teagmháil a dhèanamh lena tráchtairí i rith an cluiche beo,agus léigh siad amach na teachtaireachtaí.

    Fuair Hewitt an "Play of the Day" inniú ar an suíomh Wimbledon ach is dócha go bhfuil sé ró-shean anois, tá sé ag éirigh as anois an bhfuil?

    Ní raibh aon fógra ó TG4 nach raibh Wimbldon á thaispáint acu. Agus anois ní bheidh na cluichí Olympeacha ar RTE chomh maith!

    Agh, an bhfuil siad go léir santach ar airgead??!!

  • Closed Accounts Posts: 895 ✭✭✭Dughorm

    An bhfaca sibh an t-urchar seo le Roger Federer inniú- iontach maith :D

    http://www.wimbledon.com/en_GB/news/media/4334707854001.html

  • Registered Users Posts: 5,798 ✭✭✭An Ciarraioch

    Dughorm wrote: »
    Fuair Hewitt an "Play of the Day" inniú ar an suíomh Wimbledon ach is dócha go bhfuil sé ró-shean anois, tá sé ag éirigh as anois an bhfuil?

    Ní raibh aon fógra ó TG4 nach raibh Wimbldon á thaispáint acu. Agus anois ní bheidh na cluichí Olympeacha ar RTE chomh maith!

    Agh, an bhfuil siad go léir santach ar airgead??!!

    De bharr an dlí ar "spóirt cosanta", caithfear na cluichí a thaispeáint ar cainéal saor, mar sin, b'fhéidir go mbeidh Brian Tyers ag trácht orthu tar éis margadh! Meas mor do éacht Dustin Brown inniu!

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    Dughorm wrote: »
    An bhfaca sibh an t-urchar seo le Roger Federer inniú- iontach maith :D

    http://www.wimbledon.com/en_GB/news/media/4334707854001.html

    Tá na cluichí beo agus na buaichphointí caillte agam,ar an drochuair,mar tà mé díreach tar éis mo chuid oibre an lae a chríochnú.Ach bua an-mhaith ag Roger in aghaidh freastalaí mór láidir.

    Ach chonaic mé urchar eile an-mhoch ar maidin-an "féin-chúl" a fuair cailín bocht na Sasanaigh i gcoinne a foireann féin in aghaidh an tSeapáin.....

  • Registered Users Posts: 1,252 ✭✭✭norwegianwood

    Dia dhaoibh! :) Táim ag léamh tríd an fóram seo toisc go dteastaíonn uaim úsáid a bhaint as mo chuid Gaeilge. Uair amháin nuair a bhí mé ag staidéar don Árdteist bhí caighdeán an-árd agam ach anois táim tar éis dearmad a dhéanamh ar beagnach gach focal! Is trua mór é mar nuair a bhí mé sa scoil bhí grá mór agam don teanga agus bhain mé an-taitneamh as í a úsaid. Caithfidh mé mo Ghailge a cleachtadh agus a fheabhsú anois mar táim tar éis post samraidh a fháil i lárionad gloinne. Mar chuid den phost seo, táim ag deileáil leis na daoine go bhfuil ag teastáil comhra a bheith acu as Gaeilge. Tá sé náireach i ndáiríre, tá sé an-dheacair dom chun cabhair a thabhairt leo trí Gaeilge, tá an-chuid caint teicniciúil ag baint leis an post seo agus go minic ní féidir liom an eolas tabhactach a thabhairt do na cuisteaiméirí trí Gaeilge agus is gá dom Béarla a úsáid. Ach má táim ag déanamh iarracht chun níos mó Gaeilge a léamh agus a úsaid, tá seans ann go mbeidh me ábalta é a fheabhsú, le cúnamh Dé. Sin an fáth go thug mé cuairt ar an forám seo!:)

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    Dia dhuit! :) Táim ag léamh tríd an fóram seo toisc go dteastaíonn uaim úsáid a bhaint as mo chuid Gaeilge. Uair amháin nuair a bhí mé ag staidéar don Árdteist bhí caighdeán an-árd agam ach anois táim tar éis dearmad a dhéanamh ar beagnach gach focal! Is trua mór é mar nuair a bhí mé sa scoil bhí grá mór agam don teanga agus bhain mé an-taitneamh as í a úsaid. Caithfidh mé mo Ghailge a cleachtadh agus a fheabhsú anois mar táim tar éis post samraidh a fháil i lárionad gloinne. Mar chuid den phost seo, táim ag deileáil le na daoine go bhfuil ag teastáil comhra a bheith acu as Gaeilge. Tá sé náireach i ndáiríre, tá sé an-deacair dom chun cabhair a thabhairt leo trí Gaeilge, tá an-chuid caint teicniciúil ag baint leis an post seo agus go minic ní féidir liom an eolas tabhactach a thabhairt do na cuisteaiméirí trí Gaeilge agus is gá dom Béarla a úsáid. Ach má táim ag déanamh iarracht chun níos mó Gaeilge a léamh agus a úsaid, tá seans ann go mbeidh me ábalta é a fheabhs, le cúnamh Dé. Sin an fáth go thug mé cuairt ar an forám seo!:)

    'Sé do bheatha!!

    Tá an scéal ceanan céanna agamsa.
    Táim i ngrá le Gaeilge agus beidh mé go brách,agus níor mhaith liom an teanga seo a fhágáil ar thaobh geata na scoile.Mar sin,rinne mè gach iarracht an Ghaeilge a choinneáil.Labhair mè beagáinín Gaeilge gach lá,agus d'éirigh an teanga liom arís de réir a chéile i rith na mblianta.Go ceann tamaill,bhí mé ag freastal ar ranganna Gaeilge do dhaoine fásta.Go minic,bíonn mé ag éisteacht le Raidió Na Gaeltachta,mar tá sé an-thábhachtach Gaeilge a chloisteáil freisin,dar liomsa.Cé nach bhfuil mé líofa,tá mè ábalta cómhrá le daoine trí Gaeilge anois-daoine ag obair liomsa,custaiméirí,agus Gaeilgeoirí i gConamara,Dún Na nGall,Béal Feirste,Daingean Uí Chúis,Oileáin Àrainn,agus creid nó ná chreid,Máirtín Tom Sheáinín!!!
    Tá súil agam go gcabhróidh sé sin leat.
    Bhfuil ranganna Gaeilge ar siúl i do àit cónaithe?
    Labhair í chomh minic agus is féidir,éist léi freisin.Geallaimse duit go ndéanfaidh sé leas duitse.

  • Closed Accounts Posts: 222 ✭✭haveabanana

    Breathnaigh ar an suíomh meetup.com bíonn grúpaí Gaeilge ann i roinnt mhaith áiteanna sa tír.

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,856 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Tá grúpa Gaeilge ar Meet Up i Luimneach ach b'aoibhinn liom dá mbeidís níos gnóthaí!

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    An File wrote: »
    Haha! An fear ceannan céanna! :) Bhíomar ag canadh leis insan bpub The Hooker/Tigh Jack in aice Béal a'Daingin. An-deas ar fad.

    BHUAIL MÉ LEIS INNÉ!!!

    Bhí mé ag rothaíocht trí Chonamara ó cathair na Gaillimhe,trí Bearna,Na Forbacha,An Spidéal,Indreabhàn,Casla,Béal An Daingean agus ar deireadh-Ceantar na nOileáin;Leitir Möir,Tír an Fhia agus Leitir Mealláin.Bhí mé traochta,bhí mé fliuch go craiceann,bhí mo dhroim agus mo dhá chos ag imí,agus theastaigh uaim go mór dul go dtí an leithreas.Mar sin chuaigh mé isteach go dtí an Hooker,agus cé abhí ina sheasamh taobh thiar den bar,agus é ag ithe sceallóga?Leath na súile orm,ní raibh éinne eile sa phub ag an am seo-bhí sé go luath san iarnóin.Baineadh geit asam,ach ar aon nós,dúirt mé leis cad is ainm dom agus b'fhéidir go mbeadh aithne aige orm ón raidió.Ón bpointe seo nuair a chuala sé m'ainm,thug sé pionta Guinness dom saor in aisce cé go raibh mé chun íoc as.Thaispeáin sé an pub domsa agus na pictúirí agus grianghrafanna,chaitheamar toitín le chéile agus bhíomar ag caint go ceann 3/4 an uair.Bhí sé dochreidte a bheith ina chomhluadar.Níor cheap mé go mbeadh sé féin sa phub ag an am sin in aon chor.

  • Registered Users Posts: 14 silenagig

    Dia dhaoibh! Táim nua anseo - ag iarriadh mo chuid Gaeilge meirgeach a feabhsú.

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,856 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    silenagig wrote: »
    Dia dhaoibh! Táim nua anseo - ag iarriadh mo chuid Gaeilge meirgeach a feabhsú.

    Fáilte romhat! :)

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    Seo dhaoibh leagan Gaeilge den sár-thuairisc na h-aimsire a rinne Treasa Ní Mhainnín(Teresa Mannion)!

  • Registered Users Posts: 1,424 ✭✭✭Ciano35

    Dia dhaoibh :) Cian is ainm dom, táim ar boards le tamaill mhaith anois ach ní raibh mé sa phárt seo riamh. Is as Corcaigh mé agus ba mhaith liom mo chuid Gaeilge a feabhsú :)

Advertisement