Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all,
Vanilla are planning an update to the site on April 24th (next Wednesday). It is a major PHP8 update which is expected to boost performance across the site. The site will be down from 7pm and it is expected to take about an hour to complete. We appreciate your patience during the update.
Thanks all.

Torthaí na dToghcháin/Páirtí an Lucht Oibre

Options
  • 27-05-2014 9:06am
    #1
    Registered Users Posts: 780 ✭✭✭


    Tá ceannaire an Lucht Oibre, Éamon Gilmore, chun éirí as. An mbeadh sé níos fearr don pháirtí go bhfanfadh sé i gceannas go dtí go bhfógrófar an chéad olltoghchán eile? Nach mbeidh an ceannaire nua ceangailte leis an polasaí déinne a chuirfear i gcríoch go ceann bliain nó dhó eile ar a laghad. Conas a d'fhéadfadh ceannaire nua polasaí a athrú anois? Muna mbeadh sé/sí sásta tarraingt amach as an rialtas....... Pé rud a tharlaíonn ní dócha go n-éireoidh le mórán iarrthóirí de chuid an pháirtí sa chéad toghchán eile.

    Maidir le Fianna Fáil is cosúil go bhfuil an pobal ag tacú leo arís go forleathan agus is iad an páírtí is mó sna comhairlí áitiúla arís. Ní thuigim cén fáth go mbeadh siad ag iarraidh an ceannaire a athrú go luath más ea.

    Níl aon chaint ar cheannaireacht Fhine Gael, in aineoinn gur chaill an páirtí si céadatán níos mó vótaí ná páirtí an Lucht Oibre.

    D'éirigh go maith le Sinn Féin ach i ndeireadh na dála tá tacaíocht pháirtithe na heite dheis (FF agus FG) i bhfad níos mó ná an tacaíocht a fhaigheann páirtithe den eite chlé.

    Pé scéal é beidh orainn fanacht go dtí earrach na bliana 2016 leis an olltogchán le fáil amach an mbeidh SF ag déanamh dul chun cinn mór arís.

    Nuair a bhéas an comhaireamh déanta tar éis an olltoghchán sin b'fhéidir go mbeadh SF agus FF i gcomhrialtas le chéile, má bhíonn na figiúirí ag tabhairt an rogha sin. Beag baol go mbeadh FG agus SF sásta plé le chéile chun rialtas a chur le chéile. Má bhíonn SF i gcumhacht an dtárlóidh an rud céanna don pháirtí is a thárla don Lucht Oibre an uair seo tar éis cupla bliain?

    An mbíonn an pobal ag siúl leis an iomarca? An féidir le aon pháirtí éalú ón bpolasaí déinne ó tharla gur ón Eoraip is mó atá an treoir ag teacht?


Comments

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Tá a lán ag tarlú faoi láthair gan dabht. Níos shuimiúil ná House of Cards :pac:

    Nílim sásta le aiséirí Fianna Fáil... níl siad tar éis athrú, tá fadhbanna mór le structúr an pháirtí, agus má faghainn siad cumacht arís beidh fadhbanna ceannach agus breabaireacht. Nílim sásta le éirí Sinn Féin ach an oireadh, níl muinín agam go bhfuil siad ábalta beidh san rialtas gan cúrsaí eacnamaíochta a chur in olcas..

    Páirtí an Lucht Oibre ag titeam as a céile.. Tá praiseach déanta acu le na táillí Uisce. Níl sé ceart nó cothrom go bhfuil ráta leibhéal ann..
    Nílim feargach leo mar níl mórán rogha acu faoi roinnt mhór rudaí, ach níl siad ag cosaint an daonra..

    Ceapaim go dtitfidh an rialtas roibh 2016..


Advertisement