Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all,
Vanilla are planning an update to the site on April 24th (next Wednesday). It is a major PHP8 update which is expected to boost performance across the site. The site will be down from 7pm and it is expected to take about an hour to complete. We appreciate your patience during the update.
Thanks all.

Gaelainn na Mumhan

  • 08-04-2014 9:54pm
    #1
    Registered Users Posts: 83 ✭✭


    Dia daoibh a chairde!

    Ar dtús, gabh mo leisceál faoi mo dhroch Gaelainn thíos! Nílim feirfe ar chor ar bith.... fós :P

    Do thosaíos ag ath-foghlaim Gaelainn cúpla mí ó shin agus táimse ag lorg úrscéalanna agus a leithéid atá scríobhtha i nGaelainn na Mumhan? An bhfuil fhios ag éinne faoi aon leabhar (nó dhó) maith?

    Do cheannaíos "Teach Yourself Irish" ó Myles Dillon chun mo chuid gramadach a feabhsú agus is leabhar den chéad scoth é

    Go raibh míle maith agaibh :)


Comments

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,851 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    "Séadna" leis an tAthair Peadar Ua Laoghaire. :)


  • Administrators, Entertainment Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 18,707 Admin ✭✭✭✭✭hullaballoo


    A Thig Ná Tit Orm le Maidhc Dáinín Ó Sé. 'Sé dírbheathaisnéis ach níl sé ró-fhada is tá sé greannmhar go maith.


  • Registered Users Posts: 542 ✭✭✭GaelMise


    Peig!


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Seans go mbeidh Cín Lae Eibhlín Ní Shúilleabháin, An tOileánach le Tomás Ó Criomthain agus Fiche Bliain ag Fás le Muiris Ó Súilleabháin áisiúil duit.

    Ar aistríodh Peig go Gaelainn Chaighdeánach, a Ghaelmise, nó an bhfuil sé fós le fáil i nGaelainn na Mumhan?


  • Registered Users Posts: 542 ✭✭✭GaelMise


    Paz-CCFC wrote: »
    Seans go mbeidh Cín Lae Eibhlín Ní Shúilleabháin, An tOileánach le Tomás Ó Criomthain agus Fiche Bliain ag Fás le Muiris Ó Súilleabháin áisiúil duit.

    Ar aistríodh Peig go Gaelainn Chaighdeánach, a Ghaelmise, nó an bhfuil sé fós le fáil i nGaelainn na Mumhan?

    Gaelainn na Mumhan atá san cóip atá agamsa ar aon nos.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 169 ✭✭lfqnic


    Con Trick an bhalla bháin le Colm Breathnach

    An Colm Bán le Liam Ó Muirthile

    Ólann mo mhiúil as an ngainséis le Gabriel Rosenstock


  • Registered Users Posts: 83 ✭✭Oakboy


    Go raibh míle maith agaibh a dhiúlaigh! :)


  • Closed Accounts Posts: 69 ✭✭David Webb


    Well, for starters, it depends what sort of reading you want to do. There are Gaeltacht autobiographies. Seanchas collections. Translations form English, French, Latin and other languages. Poetry. And other genres. But you did say you wanted novels. Some of these are translated novels.

    Cork Irish

    Peadar Ua Laoghaire -Séadna and Niamh are novels.
    Diarmuid Ó hÉigeartaigh - Tadhg Ciallmar.
    Dónall Bán Ó Céileachair - Aodh de Róiste.
    Pádraig de Bhuachalla - Eachtra Phinocchio

    Kerry Irish

    Pádraig Ua Duinnín - Cormac Ua Conaill (the first ever modern novel in Irish) and Duan na Nodlag (translation of Charles Dickens' Christmas Carol)
    Pádraig Ó Maoileoin - lots of things

    Waterford Irish

    Eibhlín, Bean Uí Churraoin - Smaointe fáin an tsuarthamáin
    Seán Ó Ciarghusa - Onncail Seárlaí
    Pádraig Ó Cadhla - Eachtradh Eibhlís i dtír na nIongantas
    Nioclás Tóibín - many things


  • Registered Users Posts: 83 ✭✭Oakboy


    David Webb wrote: »
    Well, for starters, it depends what sort of reading you want to do. There are Gaeltacht autobiographies. Seanchas collections. Translations form English, French, Latin and other languages. Poetry. And other genres. But you did say you wanted novels. Some of these are translated novels.

    Cork Irish

    Peadar Ua Laoghaire -Séadna and Niamh are novels.
    Diarmuid Ó hÉigeartaigh - Tadhg Ciallmar.
    Dónall Bán Ó Céileachair - Aodh de Róiste.
    Pádraig de Bhuachalla - Eachtra Phinocchio

    Kerry Irish

    Pádraig Ua Duinnín - Cormac Ua Conaill (the first ever modern novel in Irish) and Duan na Nodlag (translation of Charles Dickens' Christmas Carol)
    Pádraig Ó Maoileoin - lots of things

    Waterford Irish

    Eibhlín, Bean Uí Churraoin - Smaointe fáin an tsuarthamáin
    Seán Ó Ciarghusa - Onncail Seárlaí
    Pádraig Ó Cadhla - Eachtradh Eibhlís i dtír na nIongantas
    Nioclás Tóibín - many things

    Go raibh maith agat David :)


  • Registered Users Posts: 216 ✭✭AnLonDubh


    Mholfainn "Ó Bhéal an Bhab" duit, cnuasach scéalta 'sea é ó Chorca Dhuibhne. Bhí clú agus cáil i scéalaíocht ag an mBab. Ina theannta san, más úrscéal a theastaíonn uait (agus má bheidh tú in ann teacht air), tabhair féachaint ar "Seán Óg Mairtín" le Maidhc Dainín Ó Sé.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,529 ✭✭✭gaiscioch


    Bím ag éisteacht le Séanna, á léamh ag Liam Ó Muirithile, na laethanta seo. Tá an fuaimniú soiléir agus, má fhaigheann tú gnéithe den léitheoireacht anróiteach, tá leabhar leis an dlúthdhiosca chun cabhair a thabhairt duit. Tá an ghné sin an-chabhrach domsa.

    Mholfainn an leagan seo gan leisce dá laghad. Is cosúil go bhfuil sé i bhfad níos saoire ar Litríocht.com ach níor thugas faoi déara aon trácht ar an dlúthdhiosca leis an gceann deireanach.


  • Registered Users Posts: 216 ✭✭AnLonDubh


    I dteannta an leagain a luaigh gaiscíoch, tá an leagan bunaidh ar fáil ó Litríocht. Is é atá i gceist le "Leagan Bunaidh" ná an leabhar mar a scríobh an t-Athair Peadar í. Tá ocht ndlúthdhioscaí ina theannta leis, agus an scéal á léamh ag Máiréad Uí Lionaird orthu. Is as Músgraí do Mháiréad, ceantar dúchais an Athar Peadar.

    Nuair a bheidh tú ag léamh Séadna, féadfair a chreidiúint go mbeir ag maireachtaint fairis na scéalaí a bhí ina gcónaí in Éirinn fadó. Má bheartaíonn éinne Séadna a léamh, beidh an foclóir ar an suíomh "Cork Irish" ina chúnamh ana-mhaith agat.


  • Registered Users Posts: 216 ✭✭AnLonDubh


    Ba dhóbair dom é a dhearúd! Tá leagan nua do "Scéal mo bheatha" le Dónall Ó Céileachair ar fáil, is as Músgraí do Dhónall leis. Luaigh David Webb aistriú a scríobh sé "Aodh de Róiste", ach is é a scéal féin "Scéal mo Bheatha".

    Féadann tú é a cheannach ó Litríocht nó ó Kennys.ie

    Is dócha go bhfuill a lán daoine baillithe den bheathaisnéis i nGaelainn, is minic ná fuil iontu ach cur síos ar an saol cruaidh a bhí ag daoine fén dtuath ag deireadh na naoú haoise déag. (Níl an gearán céanna agam, is breá liom an t-Oileánach, Peig, Fiche Blian, Ar Muir is ar Tír, s.r.l, ach tuigim an gearán san)

    Beathaisnéisí den tsaghas eile 'sea iad "A Thig ná tit orm"* agus "Scéal mo bheatha" agus mholfainn do chách iad.

    *"Mura mbuafam, suathfam" an teidil atá ar an leabhar i ndiaidh "A Thig ná tit orm", cuid a dó do shaol Mhaidhc Dainín Uí Shé.

    Leagan eile den "-f(a)imíd" 'sea é "-f(e)am", mar shampla:

    Glanfaimíd = We will clean
    Glanfam = We will clean

    (An brí céanna acu)

    I nGaelainn na Scol (An Caighdeán a bhí aigesna filí ó 1200 go 1600), dúradh:
    Glanfaimíd an seomra.
    ach
    Deireann sé go nglanfam an seomra.

    Dúradh "-f(e)am" i ndiaidh míreanna (go, ná, nach, s.r.l.). Deirtear "-f(e)am" fós i gCorca Dhuibhne thuaidh (is annamh a deirtear é i gCorca Dhuibhne theas, m.s. Dún Chaoin, an Buailtín) ach deirtear é dá mba ná fuil aon mhír ann.


Advertisement