Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all,
Vanilla are planning an update to the site on April 24th (next Wednesday). It is a major PHP8 update which is expected to boost performance across the site. The site will be down from 7pm and it is expected to take about an hour to complete. We appreciate your patience during the update.
Thanks all.

Leag na héagsúlachta teangeolaí agus cultúrtha tar éis an Ghorta Mhóir

  • 29-06-2015 11:28pm
    #1
    Registered Users Posts: 165 ✭✭


    A chara,

    tar éis tréimhse níos faide gan scríobh anseo, beidh mé ag cur isteach topaic arís.


    Ní an Ghaeilge amháin a tháinig buille mór uirthi tar éis an Ghorta Mhóir. Do leag Béarla na Banríona an Scots Ulaidh in Uladh agus sean-chanúinti Angla-Éireannacha sa Laighin a chuirtear Fingailis (timpeall BhÁC) agus Yola (timpeall Loch Garmán) orthu de ghnáth. Dar liomsa, is teangacha iad.


    Tá a fhios agam nach n-aithníonn gach éinne luach an Scots Ulaidh mar theanga bunúsach eile an Ulaidh taobh leis an nGaeilge. Is scéal eile iad daoine a bhfuil an ghráin acu ar gach rud a bhaineann leis an nGaeilge. Go brónach, chuaigh an Yola agus an Fingalis i léig mar chaint bheo na ndaoine agus tá an Scots Ulaidh i bhfad níos laige ná an Ghaeilge.


    Mhair an dátheangachas Gaeilge/Anglasacsach le haoiseanna timpeall BhÁC agus Loch Garmán tar éis do no Lochlannaigh agus na Sean-Shasanaigh áitiú ansiúd. Thug an chuid is mó acu lánpháirt i sochaí dúchasach na hÉireann. Bhí cuid mhór acu sin ag tacú le gluaiseacht na saoirse freisin. Is na Sasanaí neartmhara agus saibhre a tháinig ón 19ú aois a bhí ag cogadh in éadan na nGael.

    Gan an éifeacht de himeachtaí tubaisteacha na staire Éireannaí, b'fhéidir gur tír iltheangach a bheadh san Éirinn. Sa samhlú sin, bheadh Gaeilge amháin á labhairt sa Mhumhan, i gConnacht agus sa Mhí nuair a bheadh Scots Ulaidh á labhairt seachas an Ghaeilge in Uladh chomh maith le Yola i Loch Garmán agus teanga anglasacsach eile timpeall BhÁC. B'fhéidir go mbeadh an chaint angla-éireannach socraithe suas mar theanga liteartha féin dá mbeadh rith eile tagtha ar imeachtaí na staire.

    Is mór an trua an mhéid oidhreachta ar chaill an Éirinn i rith an 150 bliain seo caite!

    Beannacht, Alex


Comments

  • Registered Users Posts: 165 ✭✭AlexderFranke


    Sin é cúrsa eile a raibh mé ag déanamh ionadh air ná gur cheart ó shin an Ghaeilge réigiúnda féin a mhúineadh, ní amháin i gceantair le Gaeltacht ar bith in aice leo. Go háirithe, bhí cineál tréitheach na Gaeilge in Uladh Oirthir agus cuid mhaith an Laighin á labhairt ó shin a bhí sách-éagsúil ó na canúintí fós beo inniu.

    Sna 20idí ar bunú an Shaorstáit, bhí fós dream beag de chainteoirí dúchais na Gaeilge réigiúnda féin ann beagnach i ngach chontae. Mar sin, d´fhéadfaí ó shin eolas faoin gcineál réigiúnda Gaeilge sna contaetha ar fud na tíre a bhailiú agus an Ghaeilge féin na dúiche a mhúineadh ar scoil. Mar sin, d´fhéadfaí ó shin dreach teangach na Gaeilge ar fud na hÉireann mar a bhí sé ag forbairt go stairíul ar feadh aoiseanna a thabhairt ar aghaidh don nglúin óg. B´fhéidir go mbeadh an suim sa Ghaeilge níos spreagtha an lá inniu i measc na ndaoine dá mbeadh a nGaeilge féin ag Gaeilgeoirí an Laighin agus i gceantair eile le sean-chineálacha tréitheacha na Gaeilge. Smaoinim freisin ag Contae an Chláir, mar shampla.

    Slán agus beannacht,

    Alex


Advertisement