Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all,
Vanilla are planning an update to the site on April 24th (next Wednesday). It is a major PHP8 update which is expected to boost performance across the site. The site will be down from 7pm and it is expected to take about an hour to complete. We appreciate your patience during the update.
Thanks all.

Peil na hÉireann

  • 10-10-2014 12:29pm
    #1
    Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭


    Deireadh seachtaine (is tús seachtaine seo chugainn) mór i bpeil na hÉireann. Beidh Cathair Chorcaí ag imirt in aghaidh UCD anocht agus Dún Dealgan in aghaidh Bhaile Átha Luain sa tsraith. Tábhachtach ó thaobh curadh na sraithe agus ó thaobh íslithe go dtí an Chéad Roinn – an dá fhoireann chun tosaigh is an dá fhoireann chun deiridh in aghaidh a chéile.

    Ar an Satharn, beidh Éire in aghaidh an Ghiobráltar i ngrúpa cáilíochta Chraobh na hEorpa.

    Ar an Luan, imreoidh Dún Dealgan in aghaidh Ruagairí Seamróige, aríst sa tSraith. Craolfar an cluich seo ar RTÉ.

    Agus, ansan Dé Máirt, imreoidh Éire i gcoinne na Gearmáine.

    Cúpla lá thar a bheith tábhachtach i bpeil na hÉireann. Seans go gcinnteofar curadh Shraith na hÉireann agus, cé go bhfuil sé fós luath sa stáitse cáilíochta, is fíor-mhór atá sé do san, chomh maith.

    Bheinn féin ag súil le bua do Chathair Chorcaí, bua is chomh scór d’Éire agus faic do Dhún Dealgan.

    Cathair Chorcaí is Éire abú!


Comments

  • Registered Users Posts: 2,796 ✭✭✭CrabRevolution


    Mar a deirtear san amhrán cliste: "I follow Rovers" :P, ach chun an fhírinne a rá; ní raibh an bhliain seo éasca. Úaireanta ceapaim nach ndéanann Ruagairí Seamróige aon iarracht. Tá cuid de na himreoirí is fearr sa sraith acu, ach tá siad ag dul in olcas. :(

    Bhí deis acu sacar Eorpach a fháil trí an chorn, ach lig siad Doire ar ais sa chéad cluiche agus cháil siad an athimirt. Caithfidh Naomh Pádraig an cluiche ceannais a bhuachaint chun aon seans a bheidh again a bheith sa Sraith Europa.

    B'fhearr liom go bhfaigheadh Dún Dealgan an sraith. Ceapaim go ndéanfaidh R.S. a ndícheal chun cabhraigh le Dún Dealgan, mar tá rud ar bith ar fáil do R.S. anois agus ní bheidh suim acu sa chluiche Dé Luain. Trí phoínte éasca do na fhir as Chontae an Lú.

    Maidir leis an fhoireann naisiúnta, muna bhriseann siad curiarracht éigin in aghaidh an Ghiobráltar beidh díoma orm. Cháil siad 7-0 agus iad ag imirt "Sa Bhaile" an uair dheireanach, is féidir linn é sin a dhéanamh san Aviva.

    In gcoinne an Ghearmáin.....bhuel, bheadh sé thar bár dá bhfaighimis poínte amhán.


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Is aoibhinn liom na Ruagairí Seamróige! Gura míle, gura míle, go raibh míle maith agaibh! :D


  • Registered Users Posts: 2,796 ✭✭✭CrabRevolution


    Iarracht maith ó Ruagairí Seamróige. :eek:

    SEACHT gcúil i gcoinne an Ghiobráltar. :eek:

    John O'Shea. :eek:

    Thar a bheith sásta leis na híarrachtaí a bhfaca mé ó gach fhoireann sna cluichí seo.


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Ar fheabhas, ar fad!

    Caithfimid trí phointe a fháil in aghaidh na mBóihéamach anois, nó raghaidh na torthaí seo amú.


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Fánaithe an Bhré! Cad 'tá ag titim amach?!


  • Advertisement
  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,852 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Peil nó sacar? :P


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Cumann Peile na hÉireann is ea an eagraíocht atá i gceannas ar an spórt. Caid is ea an t-ainm ar an spórt gaelach. ;)


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Cathair Chorcaí ag imirt i gcoinne Dhún Dealgan ag deireadh an tséasúir aríst. An uair seo sa chluiche ceannais den Chorn FAI i mBóthar Lansdúin. Bheadh sé go hiontach dá bhfaighimis an bua tar éis chroíbhriseadh na bliana seo chaite.

    Táthar ag súil le slua mór ó Chorcaigh is ó Dhún Dealgan. Seans go mbeidh 30,000 ann.

    An tArm Reibiliúnach abú!


  • Registered Users Posts: 2,796 ✭✭✭CrabRevolution


    Mar gheall nach bhfuil aon seans ag Ruagairí Seamróige é a bhuachaint, ba bhreá liom dá mbrisfeadh troid mór amach agus gan an dara rogha a bheith ag an FAI ach an dá fhoireann a chaitheamh as an chorn.

    Muna tharlaíonn sé sin, b'fhearr liom dá mbeadh an bua ag Dún Dealgan i ndáiríre. Brón orm Paz....


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,852 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Ná bac leis an gcorn! Níl ach cluiche tábhachtach amháin chun tarlúint le linn na deireadh seachtaine.

    Luimneach abú! Hon, na Sár-ghorma! :cool:


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Mar gheall nach bhfuil aon seans ag Ruagairí Seamróige é a bhuachaint, ba bhreá liom dá mbrisfeadh troid mór amach agus gan an dara rogha a bheith ag an FAI ach an dá fhoireann a chaitheamh as an chorn.

    Muna tharlaíonn sé sin, b'fhearr liom dá mbeadh an bua ag Dún Dealgan i ndáiríre. Brón orm Paz....

    Haha, fadhb ar bith a bhuachaill, fad is a bhíonn an lámh in uachtar ag Cathair Chorcaí ar na Ruagairí sa tsraith bliain i ndiaidh bliana. ;)
    An File wrote: »
    Ná bac leis an gcorn! Níl ach cluiche tábhachtach amháin chun tarlúint le linn na deireadh seachtaine.

    Luimneach abú! Hon, na Sár-ghorma! :cool:

    Trua dhaoibh, a Fhile. Is baolach nach mbeidh Luimneach sa Phríomhroinn i 2016. An t-aon turas gearr a bheadh againne. Le cúnamh Dé, eireoidh go maith libh sa Chéad Roinn. Ba mhaith liom an seans Markets Field a fheiscint.


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Ar a laghad, fuaireamar dea-thoradh éigint tar éis na cluichí díomácha le déanaí.


  • Registered Users Posts: 2,796 ✭✭✭CrabRevolution


    Bhí mé ró-óg i 2012, agus mar sin ní raibh mé ábalta taisteal go dtí an Pholainn :(

    Anois tá mé i mo bhliain deireanach sa choláiste agus ní bheidh an dhóthain airgead agam chun an turas a dhéanamh go dtí an Fhrainc i mí Meitheamh seo chugainn. :(

    Beidh orm fanacht air an Rúis, 2018....


Advertisement