Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all,
Vanilla are planning an update to the site on April 24th (next Wednesday). It is a major PHP8 update which is expected to boost performance across the site. The site will be down from 7pm and it is expected to take about an hour to complete. We appreciate your patience during the update.
Thanks all.

Feachtas ríomhphoist maidir le Gaeilge i Tesco

Options
  • 04-10-2012 1:18pm
    #1
    Registered Users Posts: 134 ✭✭

    An bhfuil an scéal seo feicthe agaibh a chairde? Tosaíodh é ar leathanach 'Úsáidim Facebook as Gaeilge' cúpla lá ó shin.
    Is féidir teachtaireacht ríomhphoist réamhscríofa a sheoladh chuig lucht Tesco chun brú a chur orthu stádas na Gaeilge a fheabhsú ina siopaí. Mar shampla dá leithéid, tá na scipéid féinseirbhíse ar fáil as Breatnaise i siopaí Tesco sa Bhreatain Bheag le ceithre bliana anuas toisc gur chuir lucht na Breatnaise brú orthu é a dhéanamh.

    https://www.facebook.com/permalink.php?story_fbid=440962115949776&id=329177173794938&notif_t=like

«1

Comments

  • Registered Users Posts: 66 ✭✭ciaran1212

    Seolta. Go raibh míle maith agat, a Shionach glic! B'fhéidir gur mhaith an rud é má a mbíonn muid ag iarraidh ar na gcomhlachtaí eile Gaeilge a chur ar a seirbhísí-se?

  • Registered Users Posts: 83 ✭✭Sure it will be grand

    Seolta.

    Bhí comharthaí dátheangach i dTesco ar an mBaile Breac (BÁC) ach tá siad imithe anois!

  • Registered Users Posts: 134 ✭✭An Sionnach Glic

    Seolta.

    Bhí comharthaí dátheangach i dTesco ar an mBaile Breac (BÁC) ach tá siad imithe anois!

    Bhí méid áirithe Gaeilge sna siopaí go léir atá acu, ach tá sí á baint acu de réir a chéile. Sin an fáth a bhfuil an feachtas seo ar bun; le léiriú nach bhfuil lucht na Gaeilge sásta glacadh le béalghrá agus dímheas ar an teanga a thuilleadh.

  • Registered Users Posts: 134 ✭✭An Sionnach Glic

    Tá freagra thar a bheith míshásúil tugtha ag Tesco ar na teachtaireachtaí a seoladh chucu ar an gceist seo. Tá freagra nua dréachtaithe ag an nasc seo a leanas más mian libh freagra a thabhairt ar an teachtaireacht a fuair sibh féin: https://www.facebook.com/permalink.php?story_fbid=443940755651912&id=329177173794938&notif_t=like

    Anuas air sin, bhí alt beag faoin bhfeachtas in 'Foinse' (san Irish Independent) inniu ar leathanach 4.

  • Registered Users Posts: 863 ✭✭✭GastroBoy

    An bhfuil an scéal seo feicthe agaibh a chairde? Tosaíodh é ar leathanach 'Úsáidim Facebook as Gaeilge' cúpla lá ó shin.
    Is féidir teachtaireacht ríomhphoist réamhscríofa a sheoladh chuig lucht Tesco chun brú a chur orthu stádas na Gaeilge a fheabhsú ina siopaí. Mar shampla dá leithéid, tá na scipéid féinseirbhíse ar fáil as Breatnaise i siopaí Tesco sa Bhreatain Bheag le ceithre bliana anuas toisc gur chuir lucht na Breatnaise brú orthu é a dhéanamh.

    https://www.facebook.com/permalink.php?story_fbid=440962115949776&id=329177173794938&notif_t=like

    Raméis ceart!! Is comhlacht sasanach iad, tuige an mbeadh siad ag cur an Ghaeilge chunn cinn. Aldi & Lidl anois gan dabht......

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,285 ✭✭✭An Coilean

    GastroBoy wrote: »
    Raméis ceart!! Is comhlacht sasanach iad, tuige an mbeadh siad ag cur an Ghaeilge chunn cinn. Aldi & Lidl anois gan dabht......

    Tá siad lán sásta é a déanamh do Breatnais.

  • Registered Users Posts: 134 ✭✭An Sionnach Glic

    An Coilean wrote: »
    Tá siad lán sásta é a déanamh do Breatnais.

    Is fíor dhuit, a dhuine! http://news.bbc.co.uk/2/hi/uk_news/wales/7636177.stm

  • Closed Accounts Posts: 1,285 ✭✭✭An Coilean

    Fuair mé an ceann seo ar Google comh maith:
    “We in TESCO fully realise that people like to shop locally and that is why we ensure that there is a ‘local’ feel to all our shops. In Wales, this naturally means that we offer services in Welsh, brand ourselves accordingly and have bilingual signage and self scan tills. Where possible, we also have Welsh speaking staff.”
    Enfys Fox, TESCO

    http://new.careerswales.com/16to19/server.php?show=nav.6908

  • Registered Users Posts: 863 ✭✭✭GastroBoy

    An Coilean wrote: »
    Tá siad lán sásta é a déanamh do Breatnais.

    Tá sé an-éasca dhul iniadh Tesco mar gur iad an "big greedy corporation".

    Ceapann daoine go bhfuil sé an fhaiseanta go leor torann a dhéanamh faoi comhlacht eigint agus an meid Gaeilge atá a usaid acu.

    Is é an fhírinne no, rinne siad é sin sa Bhreatain Bheag mar gur cuid den Ríocht Aontaithe é. Níl an dualgais sin ag Tesco anseo!

    Ach ceard faoi níos gaire do bhaile, Dunnes, Super Value??
    Ach, brón orm, seans nach bhfuil siad sin suimiúil go leor daoibh mar go bhfuil íomhá glan acu mar atá.

  • Registered Users Posts: 134 ✭✭An Sionnach Glic

    GastroBoy wrote: »

    Is é an fhírinne no, rinne siad é sin sa Bhreatain Bheag mar gur cuid den Ríocht Aontaithe é. Níl an dualgais sin ag Tesco anseo!

    Cén "dualgas" a thug orthu é a dhéanamh sa Bhreatain Bheag? Níl aon dualgas orthu faoin dlí freastal ar lucht na Breatnaise. Tá acht teanga i bhfeidhm sa Bhreatain Bheag, ach ní leagann sé aon dualgas ar an earnáil phríobháideach:
    The change was also welcomed by Cymdeithas yr Iaith Gymraeg, the Welsh Language Society.
    Dafydd Lewis from the society said: "We've been in discussions with Tesco and large similar companies and this is one of the things we've been asking them to develop. This is a first step towards developing a full language policy.
    "What we'd really want is a language act that would mean all companies in the private sector developing a Welsh language policy without having to have any pressure put on them," he added.

    http://news.bbc.co.uk/2/hi/uk_news/wales/7636177.stm

    Tharla an t-athrú mar gheall ar bhrú a chuir tomhaltóirí/custaiméirí orthu.

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,285 ✭✭✭An Coilean

    GastroBoy wrote: »
    Tá sé an-éasca dhul iniadh Tesco mar gur iad an "big greedy corporation".

    Ceapann daoine go bhfuil sé an fhaiseanta go leor torann a dhéanamh faoi comhlacht eigint agus an meid Gaeilge atá a usaid acu.

    Is é an fhírinne no, rinne siad é sin sa Bhreatain Bheag mar gur cuid den Ríocht Aontaithe é. Níl an dualgais sin ag Tesco anseo!

    Níor dhéan said mar gur chuid den Ríocht Aontaithe é an Bhreatain Bhig, Déan siad é mar bhí brú curtha ortha ag Cumann na Bhraithnais.
    Tá Tesco an glic, nuair a bhí fhios acu go raibh téileamh ann i gcoir an Bhreatnais, glac siad é mar chuid den straitéis mhargaíochta atá acu.

    Ach ceard faoi níos gaire do bhaile, Dunnes, Super Value??
    Ach, brón orm, seans nach bhfuil siad sin suimiúil go leor daoibh mar go bhfuil íomhá glan acu mar atá.

    Tá an ceart agat, bá cheart go mbeidh an brú ceanna curtha ar Dunns srl, ach measim go mbeidh se níos easca an Seirbhis a fháil ó Tesco ar dtus toisc go bhfuil an fasach ag an comhlacht sin.

  • Registered Users Posts: 134 ✭✭An Sionnach Glic

    GastroBoy wrote: »
    Tá sé an-éasca dhul iniadh Tesco

    Éasca? Meas tú? Má tá sé chomh héasca sin, ní mé cén fáth nach ndearna éinne eile roimhe seo é!

    GastroBoy wrote: »

    Ach ceard faoi níos gaire do bhaile, Dunnes, Super Value??
    Ach, brón orm, seans nach bhfuil siad sin suimiúil go leor daoibh mar go bhfuil íomhá glan acu mar atá.

    Tá brú á chur ar Tesco ar dtús toisc gurb iad an dream is mó sa mhargadh grósaeireachta in Éirinn faoi láthair (28.7% den mhargadh acu). Sin an príomhfháth atá leis. An dara fáth ná go bhfuil an fhios againn go gcuireann siad seirbhísí dátheangacha ar fáil i dtíortha eile.

    Níl ach sciar 5.5% ag Superquinn, 22.2% ag Dunnes, agus 19.5% ag Supervalu den mhargadh faoi seach (Sea, rinne mé taighde air seo). Is an plean atá ann ná dul i bhfeidhm ar an gcomhlacht is mó ar dtús agus dul chuig na comhlachtaí beaga ina dhiaidh sin, nuair is léir go bhfuil Tesco ag feabhsú stádas na Gaeilge ina gcuid siopaí. Beidh sé an-deacair orthu siúd diúltú d'fheabhsú ar stádas na Gaeilge má tá an fathach mór sa mhargadh tar éis a sheasamh féin a athrú.

    Tá céimeanna éagsúla i gceist san fheachtas seo agus níl sa chuid seo ach an chéad chéim.

  • Registered Users Posts: 863 ✭✭✭GastroBoy

    Éasca? Meas tú?

    Sea, usaid cupla focal ó mo abairt agus lig ort fhein go bhfuil pointe agat.

    An rud a bhi i gceist agam no go bhfuil sé an-éasca díriú ar chomhlact mór mar Tesco. Creidim fein gur chóir do dhaoine dul agus na siopaí áitiúil a spreagadh ar dtús.

    Ach chun go dtarlóidh sé sin, bheadh ar daoine rud éigin táirgiúil a dhéanamh, seachas ag scríobh r-phost, mar sin, beidir nach mbeadh sé oiriúnach do gach duine.

  • Registered Users Posts: 134 ✭✭An Sionnach Glic

    GastroBoy wrote: »
    Creidim fein gur chóir do dhaoine dul agus na siopaí áitiúil a spreagadh ar dtús.

    Ach chun go dtarlóidh sé sin, bheadh ar daoine rud éigin táirgiúil a dhéanamh, seachas ag scríobh r-phost, mar sin, beidir nach mbeadh sé oiriúnach do gach duine.

    Tá go maith. Tá mé ag súil go mór leis an bhfeachtas seo atá tú féin le tosú chun an méid seo a bhaint amach. Beart de réir briathair. smile.png

  • Registered Users Posts: 66 ✭✭ciaran1212

    Hmm, b'fhéidir gur mhaith an rud é ná r-poist a sheoladh go SuperValue, Dunnes srl chun iad a spreagadh chun Gaeilge a úsáid freisin. Mura bhfuil ach sciartha mhargaidh beaga acu, ba dreasacht mhór í rud éigin mar sin a dhéanamh chun níos mó custaiméirí a fháil isteach.

  • Registered Users Posts: 83 ✭✭Sure it will be grand

    Sheol mé r-phost go Siopaí Uí Dhuinn cheana. "The difference is we're Irish" ach níl aon focal Gaeilge amháin le feiceáil ina gcuid siopaí i mBÁC!

  • Registered Users Posts: 83 ✭✭Sure it will be grand

    Duirt duine éigin ar Leabhar na nAghaidheanna go bhfuil Manainnis le feiceáil ar na comharthaí i Tesco ar Oileán Mhanann, agus duirt duine eile go bhfuil Gàidhlig le feiceáil ina gcuid siopaí sna Garbhchríocha.

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Tá súil agam go dtiocfaidh feabhas ar an scéal - áfach an fadhb ná nach bhfuil aon airgead ann dóibh.

    Níl neart Gaeilgeoirí réabhlóideach go leor chun feachtas ceart a chur le céile

    (Tá mé ag caint faoi feachtas mar atá le feicéil in san "Gaeilgeoir Nocht" ó TG4) :)

  • Closed Accounts Posts: 1,285 ✭✭✭An Coilean

    Cliste wrote: »

    Beidh mé lán sásta agóid nó rúd éigin mar sin a deanamh taobh amuigh ceann de na Tescos chun poiblíocht a fháil don scéal, ach nílim chun a bheith nocht.;)

    Edit: Nó an bhfearr leat ceann a dó go talamh?:pac:

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    An Coilean wrote: »
    Edit: Nó an bhfearr leat ceann a dó go talamh?:pac:

    Ach amháin má tá gach duine nocht agus muid ag tosú an tine! :pac:

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 634 ✭✭✭Míshásta

    Hhhmm! Ní dóigh liom gur chlos mé focal Gaeilge á lábhairt ag siopadóirí i dTesco riamh - ná in aon ollmhargadh eile. Ach chonac go leor comarthaí sa chéad teanga náisiúnta (oifigiúil).

    Ait - nach ea?

  • Registered Users Posts: 83 ✭✭Sure it will be grand

    Míshásta wrote: »
    Hhhmm! Ní dóigh liom gur chlos mé focal Gaeilge á lábhairt ag siopadóirí i dTesco riamh

    Chuala mé bean agus a mac ag caint as Gaeilge i dTeiscó Sheanchill (BÁC) cúpla lá ó shin. Níl an teanga marbh sna hollmhargaí go fóill! pacman.gif

  • Registered Users Posts: 66 ✭✭ciaran1212

    Chuala mé bean agus a mac ag caint as Gaeilge i dTeiscó Sheanchill (BÁC) cúpla lá ó shin. Níl an teanga marbh sna hollmhargaí go fóill! pacman.gif

    I ndáiríre? Is as Sheanchill mé féin agus bhí mé sa Teisceó beag sin míle uaireanta gan focail amháin Gaeilge a chloisteáil.

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Fuair mé freagra:

    (Brón orm faoin Béarla... agus an raiméis :-( )
    Dear XXXX

    Thank you for your email.

    As Ireland’s leading retailer and a major contributor to Irish economic and social life, Tesco is proud to support the Irish language in our stores around the country. Tesco Ireland is the only national retailer to greet and bid farewell to customers as gaeilge and have recently introduced new greeting signage in our Express stores.

    Our internal aisle signage is constantly evolving, some of our stores have bilingual signage and we will continue to strive to include bilingual signage where feasible and practical.
    Kind regards

    Lexy St Clair
    Tesco Ireland Customer Service

  • Closed Accounts Posts: 1,285 ✭✭✭An Coilean

    https://www.facebook.com/pages/%C3%9As%C3%A1idim-Faceb%C3%B8ok-as-Gaeilge/329177173794938?ref=stream

    Tá dea-scéal faighte againn ó Tesco, a chairde! Deir an 'Community Liaison Officer' atá acu go mbeidh na cuntair/scipéid féinseirbhíse as Gaeilge á gcur i bhfeidhm ina gcuid siopa go cinnte agus go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh acu ar an mbeartas comharthaíochta atá acu chomh maith. Beidh níos mó sonraí againn daoibh an tseachtain seo chugainn nuair a bheidh an plean foirmiúil socraithe acu :)

    Dea-scéal, ach beidh orainn cinntiú go mbeidh siad chun cloí leis an méid atá ráite acu.

  • Registered Users Posts: 780 ✭✭✭craoltoir

    An Coilean wrote: »
    https://www.facebook.com/pages/%C3%9As%C3%A1idim-Faceb%C3%B8ok-as-Gaeilge/329177173794938?ref=stream

    Dea-scéal, ach beidh orainn cinntiú go mbeidh siad chun cloí leis an méid atá ráite acu.

    Aon rud tárlaithe ó shin?

  • Registered Users Posts: 359 ✭✭DJP

  • Registered Users Posts: 1,530 ✭✭✭gaiscioch

    Tá scéal a bhriseadh ar an Irish Times um thráthnóna ag insint dúinn go mbeidh Tesco ag soláthar seirbhíse i nGaeilge ag an seiceáil amach agus trí chomharthaí dátheangacha ina gcuid siopaí as seo amach.

    Tesco puts the fada back into shopping

    Comhghairdeas leo as a gcinneadh onórach.

  • Registered Users Posts: 134 ✭✭An Sionnach Glic

    Is féidir sampla de na comharthaí dátheangacha nua a fheiceáil ag an nasc seo: http://bula.ie/2014/03/22/feinseirbhis-ghaeilge-chur-ar-fail-ag-tesco/

    Go raibh míle maith ag duine ar bith a chuidigh leis an bhfeachtas agus a sheoladh ríomhphost gearáin chuig Tesco faoin laghdú a bhí á dhéanamh acu ar stádas na Gaeilge ina gcuid siopaí roimhe seo.

  • Advertisement
  • Banned (with Prison Access) Posts: 31,117 ✭✭✭✭snubbleste

Advertisement