Boards.ie uses cookies. By continuing to browse this site you are agreeing to our use of cookies. Click here to find out more x
Post Reply  
 
 
Thread Tools Search this Thread
12-04-2012, 15:55   #316
Eathrin
Registered User
 
Eathrin's Avatar
 
Join Date: Nov 2009
Location: Dublin
Posts: 6,477
Quote:
Originally Posted by Ms.M View Post
Ní bhfuair. An bhfuil sé agatsa? Cad atá air?
Ní bhfuair mé an CD cheana féin agus mar sin rinne mé cinnte go gceannóinn an CD sin.
D'uaslódáil mé iad ar fad go YouTube agus dá bharr tá siad ar fáil do chách
Tá cúpla amhráin iontach ann ar nós "Gunnaí ar Bith" le Delorentos agus "Cosúil Liom Féin" leis An Kanyu Tree.
Na Coronas agus Bell X1 chomh maith.
Má tá suim ag éinne, nasc anseo
Eathrin is offline  
Advertisement
12-04-2012, 19:30   #317
Paz-CCFC
Registered User
 
Join Date: Dec 2007
Posts: 417
Quote:
Originally Posted by 0mega View Post
Dia duit, gach duine! Seo é mo chéad ám anseo, ach ceapaim go bhfuil smaoineamh thar cionn é. Tá mé sa chúigu bliain anois agus tá mé an-neirbhíseach chun an Ardteist cheana! Chomh maith le sin, beidh scrúdú cainte agam i mBealtaine le mo mhuinteoir.. ba mhaith liom fheabhas a chur ar mo chuid Gaeilge roimhe sin mar dá mbeinnse i ndaríre, ní féidir liom a labhairt as Gaeilge ar bith. Bíonn mé ag déanamh botúin i gcónaí le gramadach, go háirithe na aimsirí éagsula agus uaireanta bíonn mo structúir millteanach! Tá mé i bhfad níos fearr ag scríobh, b'fheidir mar go bhfuil níos mó ám agam chun smaoineamh. An bhfuil aon duine líofa anseo agus má tá tú, an bhfuil aon chomhairle agat conas a fheabhsú le caint?

Go raibh míle!
Ná bí buartha faoi sin. Sure, nach ndéanann Bearlóirí é sin freisin? Rudaí mar "I done dat" nó na deacrachtaí atá le daoine focail iasachta ón Laidin a chur isteach san uimhir iolra.

Lean ort ag labhairt agus úsáid na Gaeilge - imeoidh na botúin le ham!
Paz-CCFC is offline  
12-04-2012, 21:36   #318
Slow Show
Registered User
 
Slow Show's Avatar
 
Join Date: Aug 2009
Location: The end of nowhere
Posts: 3,777
Tuigim beagnach gach rud anseo. Tá trua an domhain orm. Tá mé sa chúigu bliain anois, cosúil le 0mega.

Chonaic me 'The Hunger Games' an coicís ó shin. Cheap mé go raibh sé an-mhaith. Is duine dathúil é Peeta, nach bhfuil ceart agam? Agus amárach, rachaidh mé go dtí an bpictiúrlann le mo chara chun 'Titanic' a fheiceáil. Tá an DVD agam agus feicim é gach Nollaig, ach is cuma liom. Táim ag tnúth go mór leis an scannán a fheiceáil arís!

An bhfuil aon socraíthe ag aon duine don deireadh seachtaine?
Slow Show is offline  
12-04-2012, 23:00   #319
Paz-CCFC
Registered User
 
Join Date: Dec 2007
Posts: 417
Staidéar, staidéar agus staidéar domsa. Tá na scrúdaithe ar siúl i gceann dhá sheachtaine go leith. Mar sin, táim ag caitheamh formhór m'ama saor ag déanamh oibre. Ar a laghad, ar oícheanta Aoine, tá cluichí peile agam le féachaint air...faraor, níl m'fhoireann ró-mhaith i láthair na huaire!
Paz-CCFC is offline  
07-05-2012, 17:03   #320
Ms.M
Closed Account
 
Join Date: Jul 2011
Posts: 429
Conas ar éirigh leat sna scrúduithe Paz-CCFC? An bhfuil siad thart?
Cad atá faoi staidéar agat? An Ghaeilge?

Is fuath liom 'Titanic' Slow Show mar gheall ar an amhrán uafásach le Celine Dion. Cuireann sé fonn aisig orm.
Ní raibh mé sa phictiúrlann le tamall anuas, hunger games an scannán is deireanaí a chonaic mé.

Go raibh maith agat Eathrin! Ceannóidh mé ceann.

An mbeidh éinne ag ceannach 'an Hobad'? Ceapaim go bhfuil sé beagán daor
Ms.M is offline  
Advertisement
07-05-2012, 19:13   #321
Paz-CCFC
Registered User
 
Join Date: Dec 2007
Posts: 417
Táim leath slí tríotha, Iníon Ní M. Tá siad go breá, i ndáiríre. Tá seachtain go dtí mo chéad ceann eile, áfach. B'fhearr liom dá mbeidís ar siúl níos luath agus d'fhéadfainn fáil réidh leo!

Tá Dlí agus Gaeilge á staidéar agam.

Cad mar gheall fút? An bhfuil aon scrúduithe agat? Nó obair ginearálta?

Is dóigh liom go bhfainfidh mé go mbeidh an Hobad ar fáil i leabharlann m'ollscoile agus is féidir liom é a léamh saor in aisce!
Paz-CCFC is offline  
08-05-2012, 16:51   #322
Ms.M
Closed Account
 
Join Date: Jul 2011
Posts: 429
Is múinteoir mé! Múinteoir Gaeilge ar ndóigh
Ní dhearna mé scrúdú le cúpla bliain anuas; tugaim iad amach anois! Mwahaha!

Ní raibh an Hobad aistrithe go dtí mí ó shin, ní déarfainn go mbeadh cead ag leabharlanna é a chur ar fáil fós. Go háirithe i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath; oibríonn an aistritheoir ann. Iar-léachtóir domsa é.

Go n-éirí leat sna scrúduithe eile!
Ms.M is offline  
08-05-2012, 18:08   #323
conor.hogan.2
Registered User
 
Join Date: Jan 2010
Posts: 5,060
Quote:
Originally Posted by Ms.M View Post
Go háirithe i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath; oibríonn an aistritheoir ann.
Cé hé an t-aistritheoir?
conor.hogan.2 is offline  
08-05-2012, 19:43   #324
Paz-CCFC
Registered User
 
Join Date: Dec 2007
Posts: 417
Quote:
Originally Posted by Ms.M View Post
Is múinteoir mé! Múinteoir Gaeilge ar ndóigh
Ní dhearna mé scrúdú le cúpla bliain anuas; tugaim iad amach anois! Mwahaha!
Tusa an duine a chuireann an fhulaignt orainn, mar ain, in ionad a bheith an duine atá á fhulaingt!

An múineann tú i ngaelscoil/ngaelcholáiste.

Quote:
Ní raibh an Hobad aistrithe go dtí mí ó shin, ní déarfainn go mbeadh cead ag leabharlanna é a chur ar fáil fós. Go háirithe i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath; oibríonn an aistritheoir ann. Iar-léachtóir domsa é.
Ní rabhas ag labhairt faoi dhíreach anois - ní bheadh an t-am agam é a léamh leis an staidéar! Ach, sa todhcaí.

Thugas sráchfhéachaint i leabharlann na hollscoile, agus tá easpa úrscéalta nua-aimseartha. Tá go leor leabhair acadúla agus scéalta níos dáiríre ar ábhar nach mbaineann mórán leis an lá atá inniu ann. Tá scéalta ar ábhair níos éadroma - le cúnamh Dé, beidh an Hobad ar fáil, mar sin.

Quote:
Go n-éirí leat sna scrúduithe eile!
Gura míle!
Paz-CCFC is offline  
Advertisement
19-05-2012, 07:55   #325
Ms.M
Closed Account
 
Join Date: Jul 2011
Posts: 429
Quote:
Cé hé an t-aistritheoir?
D'aistrigh Nicholas Williams é. An bhfuil aithne agat air?

Quote:
An múineann tú i ngaelscoil/ngaelcholáiste.
Ní mhúinim. Ba bhreá liom é sin! I scoil bráithre faoi láthair ach beidh mé ag lorg poist arís i rith an tsamhraidh.

Aontaím leat, tá a lán leabhair nua-scríofa as Gaeilge dírithe ar pháistí nó dhéagóirí, gach duine ag smaoineamh ar an nglúin nua!

Céard fúmsa? :'(

Ceannóidh mé An Hobad, cé go bhfuil sé an-chostasach!
Ms.M is offline  
21-05-2012, 01:03   #326
conor.hogan.2
Registered User
 
Join Date: Jan 2010
Posts: 5,060
Quote:
Originally Posted by Ms.M View Post
D'aistrigh Nicholas Williams é. An bhfuil aithne agat air?
GRMA, níl aithne agam air seachas an ainm.
conor.hogan.2 is offline  
21-05-2012, 23:06   #327
Baile an Locha
Registered User
 
Baile an Locha's Avatar
 
Join Date: Jul 2009
Location: Maigh Nuad
Posts: 206
Quote:
Originally Posted by Paz-CCFC View Post

Tá Dlí agus Gaeilge á staidéar agam.
Mise fosta, cá háit a bhfuil sé ar siúl agat? Dlí trí Ghaeilge? nó Dlí agus Nua-Ghaeilge mar atá againn anseo in OÉ Má Nuad!

Níl tuarim da laghad agam faoi cad a bheas ar siúl agam ina dhiadh céim a bhaint agam. Beidh le feiceáil.
Baile an Locha is offline  
02-06-2012, 10:03   #328
Ms.M
Closed Account
 
Join Date: Jul 2011
Posts: 429
Conas atá an seomra suite? Cad atá ar siúl agaibh don deireadh seachtaine?

Tá eagla orm roimh an mion-mharatón Dé Luain
Ní dhearna mé dóthain traenála i mbliana.
An mbeidh éinne ag glacadh páirte ann?
Aon chomhairle ó dhaoine aclaí?
Ms.M is offline  
29-08-2012, 12:59   #329
Fr. Hank Tree
Registered User
 
Fr. Hank Tree's Avatar
 
Join Date: Nov 2009
Posts: 9
Ceard a tharla anseo? Níor sríobh mé anseo riamh ach is trua é nach bhfuil an seomra suite níos mó gnóthach. Ní labhraím gaeilge cé chomh minic agus ba mhaith liom ach táim chun iarracht a dhéanamh chun é sin a athrú? Cé atá in éineacht liom? Athbheochan an seomra suite..smaioneamh maith??
Fr. Hank Tree is offline  
29-08-2012, 13:31   #330
Cliste
Registered User
 
Cliste's Avatar
 
Join Date: Jul 2005
Location: Átha Cliath!
Posts: 2,601
Smaoineamh iontach é sin!

Níos fearr ná obair ceart ar aon nós
Cliste is offline  
Post Reply

Quick Reply
Message:
Remove Text Formatting
Bold
Italic
Underline

Insert Image
Wrap [QUOTE] tags around selected text
 
Decrease Size
Increase Size
Please sign up or log in to join the discussion

Thread Tools Search this Thread
Search this Thread:

Advanced Search