Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

an Hobad

  • 25-04-2009 10:20pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1


    léamh mé in áit éigean go mbeidh an hobad amach as gaeilge go luath - tá mé ag súil go mór le seo

    cad a ceapann sibh??


    tá teachtaireacht eile síos agam, maidir le cursaí gramadaí - tá mé ag súil le freagracha má tá an freagra ag éinne - go raibh maith agaibh


«1

Comments

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Ceap mé go raibh an foram seo as Gaeilge? (Mar tá fios agam go bhfuil suim mór agat san teanga)

    Feicim an scéal anseo, ceapaim gur rud maith é seo. Ceannaigh mé cúpla leabhair éasca as Gaeilge, agus bhain mé an taitneamh astu. Tá mé ag súil go mór le seo!


  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1


    brón orm , rinne mé dearmad air sin


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    brón orm , rinne mé dearmad air sin

    Togha!

    Ar léamh tú an hobád as Béarla? Bhain mé an sult as!

    Tá brón orm freisin nach bhfuil mé ábalta an ceist gramadaí a fhreagairt, níl an caighdeáin sin Gaeilge agam :(


  • Registered Users Posts: 1,853 ✭✭✭Yoda


    Tá súil agam go mbeidh an leabhar sin foilsithe roimh Nollaig na bliana seo.


  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1


    fadhb ar bith!

    ye, bhí sé iontach - níor maith mé na leabhair eile, ach bhí na scannáin ceart go leor

    ach bhí an hobad iontach mhaith


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Léigh mé an t-úrscéal sin as Béarla nuair a bhí mé i mo bhuachaill óg. Léifinn arís é dá mbeadh sé ar fáil as Gaeilge. :) Dála an scéil, ar léigh éinne eile an t-aistriúchán Gaeilge a rinneadh ar Dracula, le Bram Stoker. Tá sé thar barr! Féach anseo.


  • Registered Users Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Múinteoir wrote: »
    Léigh mé an t-úrscéal sin as Béarla nuair a bhí mé i mo bhuachaill óg. Léifinn arís é dá mbeadh sé ar fáil as Gaeilge. :) Dála an scéil, ar léigh éinne eile an t-aistriúchán Gaeilge a rinneadh ar Dracula, le Bram Stoker. Tá sé thar barr! Féach anseo.

    Táim díreach tar éis é a ordú, ag súil leis.


  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1


    níor léamh mé é as béarla, b;fheidir go tosóidh mé as gaeilge - 2 éin le cnoc amháin


  • Registered Users Posts: 3,078 ✭✭✭onemorechance


    Go raibh míle maith agaibh! Ní raibh fhios agam go raibh leabhra mar seo, an Hobad agud Dracula le fáil i nGaeilge.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Go raibh míle maith agaibh! Ní raibh fhios agam go raibh leabhra mar seo, an Hobad agud Dracula le fáil i nGaeilge.


    D'aistrigh An Gúm cuid mhaith de chlasaicí an Bhéarla go Gaeilge (leabhair le Walter Scott and Robert Louis Stephenson, mar shampla) nuair a bunaíodh an stát ar dtús. Aistriúcháin an-mhaith a bhí iontu, a raibh Gaeilge an-saibhir iontu, ach tá an chuid is mó acu as cló anois agus is deacair teacht orthu. Sampla díobh sin é an leagan Gaeilge de Dracula. Aistríodh é ar dtús sna 1930idí agus rinneadh athchóiriú ar an aistriúchán sin don aois nua le déanaí. Is mór an trua é nach ndéantar a leithéid leis na haistriúcháin eile sin.

    Ach ar ndóigh, is aistriúchán úr-nua é an leagan Gaelach de The Hobbit.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Rinne me dearmad an t-aistriúchán eile seo de leabhar cáiliúil a lua. Seanaistriúchán atá ann, a foilsíodh arís i 2008. Cuairt na Cruinne in Ochtó Lá, le Jules Verne.


  • Registered Users Posts: 1,853 ✭✭✭Yoda


    Foilseachán de mo chuidse é sin :-)


  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1


    beidh mé ag súil go mór le iad a fháil agus a léamh, b'fheidir iad a céannach, sa samhradh.


  • Registered Users Posts: 1,853 ✭✭✭Yoda


    Foilseofar An Hobad ar 25 Marta 2012. Cinnte.


  • Registered Users Posts: 215 ✭✭Baile an Locha


    Níl insint béil, tá mé ag tnúth go mór leis.


  • Registered Users Posts: 1,853 ✭✭✭Yoda


    Dea-scéala! Foilseofar aistriúchán Gaeilge Nicholas Williams den leabhar "An Hobad" ar deireadh thiar ar an 25 Márta 2012. Beidh clúdach crua air, arna chló maille le léaráidí daite agus léarscáileanna. Más mian leat réamhordú a chur isteach, cuirtear ríomhphost chugam agus beidh mé i dteagmháil leat maidir leis na sonraí cuí.

    Great news! Nicholas Williams' translation of "The Hobbit" into Irish will be published at long last on 25 March 2012. The book will be hardcover, printed with colour illustrations and maps. If you would like to pre-order a copy, send me and e-mail and I will contact you with details.


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Tá easpa seoladh ríomhphoist le do póst!

    :D Tá suim agam san leabhair, cá mbeidh sé ar díol an bhfuil fios agat?


  • Registered Users Posts: 1,853 ✭✭✭Yoda


    Is féidir réamh-ordú a dhéanamh más maith leat. Cuir teachtaireacht phríobháideach chugam.


  • Registered Users Posts: 1,853 ✭✭✭Yoda


    Táim ag fanacht ar an profa... beidh an leabhair ar fáil ina dhiaidh sin... Anois is féidir réamhordú a dhéanamh más maith leat... Féach ar http://evertype.com/books/hobad.html

    Is dócha go mbeidh láinseáil oifigiúil ar Lá na Bealtaine sa Siopa Leabhar i Sr. Fhearchair.


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Níl sé saor, ach ba fiú é - Ceannóidh mé é nuair a foilsíodh é sna siopaí :D

    Nach bhfuil sé amach go fóill - deireann siad an 25ú lá ar an suíomh san nasc sin...


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,853 ✭✭✭Yoda


    Leabhar daite agus crua atá ann.

    Is é an 25ú Márta an lá oifigiúil foilsithe an leabhar. Caithtear lá foilsithe a ainmniú nuair a cuirtear sonraí leabhair don British Library (Cataloguing-in-Publication Data).

    Táim ag fanacht ar an profa ó na clódóirí. Beidh fáil ar an leabhar i ndiaidh sin.


  • Registered Users Posts: 3,097 ✭✭✭Herb Powell


    Lads, nach gceapann sibh go bhfuil rudaí mar sin saghas amadach?
    Ní maith maith liom é sin, teidil rudaí éigean a athrú go hiomlánta-cad a bhí cearr leis an teidil Béarla? Níl aon fáth ann.


  • Registered Users Posts: 1,853 ✭✭✭Yoda


    Ach... is ionann na teidil "The Hobbit, or There and Back Again" agus "An Hobad, no Anonn agus Ar Ais Arís".


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Feicim go bhfuil lucht litriocht.com ag rá go mbeidh sé ar díol acu Dé hAoine (27 Aibreán): http://www.litriocht.com/shop/product_info.php?products_id=6699


  • Registered Users Posts: 4,905 ✭✭✭Aard


    Tá sé sách costasach nach bhfuil? Tuigim nach ndíolfar an-chuid cóipeanna agus tá gá an aistritheoir a íoc, ach €40 ar leabhar... Fiú agus suim mhór agam in LOTR, ní dóigh liom go gceannóidh mé é :(


  • Registered Users Posts: 1,853 ✭✭✭Yoda


    Tá an leabhar daite agus le clúdach crua, agus is iad na rudaí a chuireann níos mó costas ar an leabhar. Agus ní bhfuair an foilsitheoir deontas ar bith ó Bhord na Leabhar Gaeilge (nó pé ainm a bhaineann leis an eagraíocht sin inniu).

    Cad é praghas béile do bheirt le fíon i mbialann réasúnta maith?

    Ceannaigh é nó ná ceannaigh; is fútsa an rogha.


  • Registered Users Posts: 5,246 ✭✭✭conor.hogan.2


    €18.50-€39.95 clóite i 1997…. http://www.tolkienshop.com/contents/en-uk/d11.html

    Níl €39.95 ró-dhona.


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Yoda wrote: »
    Tá an leabhar daite agus le clúdach crua, agus is iad na rudaí a chuireann níos mó costas ar an leabhar. Agus ní bhfuair an foilsitheoir deontas ar bith ó Bhord na Leabhar Gaeilge (nó pé ainm a bhaineann leis an eagraíocht sin inniu).

    Cad é praghas béile do bheirt le fíon i mbialann réasúnta maith?

    Ceannaigh é nó ná ceannaigh; is fútsa an rogha.

    Chonaic mé an t-alt seo faoin straitéis mhargaíochta agus glacaim leis go bhfuil ciall léi, ós rud é gur teanga mhionlaigh í an Ghaeilge agus nach mbeidh na milliúin cóip á ndíol den aistriúchán seo.

    http://www.independent.ie/entertainment/books/collectors-hold-the-key-to-success-of-irish-hobbit-3054205.html

    Ba mhaith liom féin tréaslú leat as an saothar seo a chur ar fáil agus cuma chomh snasta sin air. Cúpla ceist agam ort:

    - An mbeidh leagan ríomhleabhair de ar fáil amach anseo, chomh maith le leagan faoi chlúdach bog?
    - Má éiríonn go maith leis, an mbeifeá ag iarraidh 'The Lord of the Rings' a aistriú go Gaeilge chomh maith? Cé mhéad cóip is gá a dhíol chun gurbh fhiú na leabhair eile a aistriú?


  • Registered Users Posts: 1,005 ✭✭✭Enkidu


    Is maith liom ainmneacha na n-áiteanna (Gleann na Scoilte, mar shampla). Is ainmneacha "cluthar" iad. Ceannód an leabhar so gan amhras!

    (Tá ionadh orm cad a thugtar ar na "Elfeanna".:))


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,853 ✭✭✭Yoda


    Gael wrote: »
    Chonaic mé an t-alt seo faoin straitéis mhargaíochta agus glacaim leis go bhfuil ciall léi, ós rud é gur teanga mhionlaigh í an Ghaeilge agus nach mbeidh na milliúin cóip á ndíol den aistriúchán seo.
    Rinneamar an t-aistriúchán chun an t-aistriúchán a dhéanamh le haghaidh lucht na Gaeilge. Is fíor go bhfuil bailitheoirí ann, ach ní raibh sin an fáth gur fhoilsigh mé an leabhar. ("Straitéis" a bhí curtha air ag an iriseoir.)
    - An mbeidh leagan ríomhleabhair de ar fáil amach anseo, chomh maith le leagan faoi chlúdach bog?
    Aon ríomhleabhar a bheidh foilsithe ag HarperCollins. Is dócha go mbeidh fáil ar leagan faoi chlúdach bog in an bliain seo chugainn.
    Má éiríonn go maith leis, an mbeifeá ag iarraidh 'The Lord of the Rings' a aistriú go Gaeilge chomh maith? Cé mhéad cóip is gá a dhíol chun gurbh fhiú na leabhair eile a aistriú?
    Nicholas Williams a d'aistrigh an leabhar; ní mise a rinne é sin. Níl a fhios agam an mbeidh spéis aige i dTiarna na bhFáinní.


Advertisement